(Translated by https://www.hiragana.jp/)
Nelson Mandela - Vicipéid
The Wayback Machine - https://web.archive.org/web/20071127155659/http://ga.wikipedia.org:80/wiki/Nelson_Mandela

Nelson Mandela

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Jump to: navigation, search
Nelson Mandela
Nelson Mandela

Polaiteoir as An Afraic Theas is ea Nelson Mandela (rugadh 18 Iúil, 1918). An fíor ainm atá aige ná Rolihalahla ach tugadh an ainm Nelson dó nuair a chuaigh sé ar scoil. Tugtar an leasainm Mandiba dó san Afraic Theas.

I 1948 bhí toghchán ann. Ag an am sin bhí Apairtéid i bhfeidhm, agus ní raibh an vóta ag daoine gorma. Bhí an smacht ag na daoine bána. Thuig Nelson go raibh sé seo mícheart. Ag an am sin ní raibh cead ag daoine gorma agus daoine bána pósadh. Bhí bac orthu rudaí ar nós na suíochán ceanna a úsáid.

Ag an gcoláiste bhuail Nelson le daoine bána. Bhuail sé le Joe Slovo, Walter Sisulu agus Oliver Tambo, daoine a raibh smaointe ceanna acu le Nelson. Theastaigh uathu na dlíonna dian seo a arthrú chomh maith. I 1953 thosaigh Nelson agus Oliver ag cleachta an dlí ach ní raibh sé sin a ndothainn. Theastaigh uaidh rud éigeann a dhéanamh.

I 1960 chuaigh Nelson agus a chairde ar stailc i Johannesburg agus dá bhrí sin cuireadh Nelson ar triail don chéad uair, ach níor tugadh aon phíonós dó. I 1962 cuireadh ar triail arís é. Chaith sé fionnadh leopard chuig an chúirt agus rinne sé ‘salute’ go dtí na daoine gorma agus scread amach ‘amadla’.

Cuireadh Mandela faoi ghlas ó 1962 go dtí 1990. Chuaigh sé ar ais go dtí an chúirt i 1964. Dúirt sé go raibh an rialtas freagrach ar na rudaí dona a bhí ag tarlú sa tír. Cuireadh ar ais go dtí an bpriosún é. An uair seo ar feadh a shaol. Chaith sé an chuid is mó den am i seomra beag amháin, ar Oileán Robben.Scaoileadh ón bpriosún é i Feabhra 1990.

Ar an 27ú Aibreán 1994 tháining daoine bána agus dorcha amach agus vótáil Nelson mar uachtarán an Afraic. Ba é Mandela an chéad uachtarán na tíre a dtoghadh i dtoghchán daonlathach. Uachtarán rathúil ab ea é ach níor ghlac sé páirt sa toghchán i 1999 mar theastaigh uaidh go mbeadh duine níos óige mar uachtarán.

Uirlisí phearsánta