Gan billí ó uisce go dtí deireadh Eanáir anois tar éis don CER breise ama a thabhairt d'fheachtas cláraithe Uisce Éireann
Dé hAoine 24 Deireadh Fómhair 2014 16.24Eiseoidh Uisce Éireann na chéad bhillí dá chustsaiméirí ag deireadh mhí Eanáir seo chugainn.
Fógraíodh é seo inniu tar éis don Choimisiún um Rialáil Fuinnimh (CER) tuilleadh ama a thabhairt don bhfeachtas cláraithe atá ar bun ag Uisce Éireann.
Mairfidh an tréimhse seo go dtí deireadh mhí na Samhna anois, mí iomlán sa bhreis ar an spriodháta a bhí luaite leis i dtús ama.
Bhí na billí ceaptha dul amach chuig custaiméirí ag tús Eanáir.
Deir an Coimisiún go mbeidh na liúntais do pháistí agus do chúinsí eile teaghlaigh san áireamh sa bhille, má bhíonn an custaiméir cláraithe leis an gcomhlacht
Dúirt Paul McGowan ón CER le comhchoiste Oireachtais Dé Céadaoin go mbeadh an coimisiún ag déanamh cinneadh faoi seo tráth éigin i rith na seachtaine.
De réir Uisce Éireann, tá clárú déanta ag 747,000 teaghlach, agus go raibh foireann bhreise curtha ag obair ar an líon ard fiosruithe ón bpobal.