Bitcoin
Is criptea-airgeadra é bitcoin, agus córas íocaíochta ar líne (siombail: ₿ giorrúchán: BTC nó XBT).[1] As na mílte criptea-airgeadraí ar fad atá ann, is ar bitcoin is fearr aithne.
Críocha infheidhme | |
---|---|
Tréithe | |
Carachtar Unicode | ₿ |
Giorrúchán nó siombail | ₿ |
Banc ceannais | luach ar iarraidh |
Ráta malairte | |
Croineolaíocht | |
3 Eanáir 2009- | |
Tuilleadh eolais | |
Suíomh oifigiúil | bitcoin.org |
Taifeadtar íocaíochtaí i gclárleabhar poiblí ar a n-úsáidtear aonad cuntas ar a dtugtar bitcoin freisin. Uaireanta, úsáidtear ceannlitir don chóras (Bitcoin) agus cás beag don aonad cuntais (bitcoin).
Stair
cuir in eagarFoilsíodh an coincheap faoin ainm Satoshi Nakamoto sa bhliain 2008[2] agus cuireadh ar siúl é mar bhogearraí foinse oscailte an bhliain ina dhiaidh sin.
Conspóidí
cuir in eagarCuirtear na híocaíochtaí i gcrích idir comhghleacaithe gan stór lárnach ná stiúrthóir ar bith, rud a spreag Státchiste SAM chun "airgeadra fíorúil díláraithe" a thabhairt ar an bitcoin. Níl gach duine ar aon tuairim faoi stádas an bitcoin mar airgeadra. Is minic a thagraítear ar na meáin dó mar chriptea-airgeadra nó airgeadra digiteach.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Seaghan Mac An tSionnaigh (2021-06-24). "'Casfar rotha Bitcoin in athuair'" (en-US). Dáta rochtana: 2023-03-15.
- ↑ Níl a fhios an fíorainm é Satoshi Nakamoto nó más duine amháin nó breis is duine amháin atá i gceist.