Adolf Eichmann
Naitsíoch agus SS-Obersturmbannführer (leifteanantchoirnéal) in Arm na Gearmáine ba ea Otto Adolf Eichmann (19 Márta 1906 – 1 Meitheamh 1962). Bhí sé ar phríomheagraithe an Uileloscaidh le linn an Dara Cogadh Domhanda.
Beatha
cuir in eagarIn Solingen, sa Ghearmáin a rugadh é.
An tUileloscadh
cuir in eagarAn Airgintín
cuir in eagarD'éirigh le hEichmann éalú ag deireadh an chogaidh, agus sa bhliain 1950, chuir sé faoi san Airgintín. Chaith sé 10 mbliana ansin faoin ainm bréagach Ricardo Klement.
Fuair an ghníomhaíocht faisnéise Iosraelach Mossad amach cá raibh sé, agus sa bhliain 1960 d'fhuadaigh gníomhairí de chuid Mossad agus Shin Bet é.
Triail agus cur chun báis
cuir in eagarTugadh chun trialach in Iarúsailéim, Iosrael, é mar ar cuireadh coireanna cogaidh ina leith. Ciontaíodh agus daoradh chun báis é ar 11 Nollaig 1961. Crochadh é ar 1 Meitheamh 1962 in Ramla, in Iosrael.
Dúirt Eichmann tráth go mbeadh sástacht iontach air "ag léim isteach san uaigh" dó agus bás 5 mhilliún duine ar a choinsias.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ The Rise and Fall of the Third Reich. Shirer, William L. 1960, Fonóta, lch. 978, Nua-Eabhrac: Simon & Schuster