George Michael
B'amhránaí Sasanach é George Michael a rugadh faoin ainm Georgios Kyriacos Panayiotou ar an 25 Meitheamh 1963. Fuair sé bás ar an 25 Nollaig 2016.
Luath Saol
cuir in eagarSaolaíodh Michael in Oirthear Finchley, Londain, Sasana. Bhí bialann ag a athair, Kyriacos Panayiotour. Ba Cipireach Ghréagach é a chuaigh ar imirce go Sasana sna 1950idí. D'athraigh sé a ainm go Jack Panos níos déanaí. Ba dhamhsóir Shasanach í a mháthair, Lesley Angold (née Harrison; 1937-1997). Chaith Michael formhór a óige in Kingsbury, Londain, sa teach a cheannaigh a thuistí go luath i ndiaidh gur rugadh é; d'fhreastail sé ar Ardscoil Kingsbury. B'iad Yioda agus Melanie a dheirfiúracha níos sine.
Agus é sna déaga, bhog an teaghlach go Radlett, Hertfordshire. Ansin, d'fhreastail Michael ar Scoil Bushey Meads i mBushey, áit a bhuail sé le Andrew Ridgley, a bheidh mar an páirtí eile i Wham! Bhí na huaillmhian céanna acu, gairm a bhaint amach mar cheoltóirí. Bhí Michael ag buscáil in iarnród faoi thalamh Londain, ag seinnt amhráin ar nós "39" le Queen. Thosaigh sé amach mar DJ, ag seinnt ins sna clubanna agus scoileanna áitiúla timpeall ar Bushey, Stanmore agus Watford. Ansin, chruthaigh sé banna ceoil "ska" dar teideal The Executive le Ridgley, deartháir Ridgley, Paul, Andrew Leaver agus David Mortimer. Níor mhair The Executive i bhfad.
Gairm Ceoil
cuir in eagar1981-1986: Wham!
cuir in eagarBhunaigh Michael an dísreach Wham! le Andrew Ridgeley i 1981. Shroich an chéad albam a bhí acu, Fantastic, uimhir a haon sa Ríocht Aontaithe i 1983 agus thairg sé liosta de chnagshinglí ar nós "Young Guns", "Wham Rap!" agus "Club Tropicana". Shroich a dara halbam, Make It Big, uimhir a haon sna cairteacha sna Stáit Aontaithe. Bhí singlí ar nós "Wake Me Up Before You Go-Go" (Uimhir a haon sa RA agus sna SA), "Freedom", "Everything She Wants" agus "Careless Whisper" a shroich uimhir a haon i mbeagnach 25 tír, an RA agus na SA san áireamh, agus a bhí mar an chéad singil aonarach a bhí ag Michael, ar an albam.
Chan Michael ar an gcéad taifeadadh Band Aid de "Do They Know It's Christmas?" (a bhí ag uimhir a haon ag an Nollaig i 1984 sa Ríocht Aontaithe) agus thug sé an brabús ar fad a rinne "Last Christmas" don charthanacht. Chan sé fonnadóireacht taca ar cnagshingil David Cassidy, "The Last Kiss" i 1985, chomh maith le cnagshinglí Elton John, "Nikita" agus "Wrap Her Up". Luaigh Michael Cassidy mar mhórthionchar ar a ghairm agus rinne sé agallamh le Cassidy i gcomhair an Nuachtán Ritz.
Ghin turas Wham" chun na Síne i mí Aibreáin 1985, an chéad uair a thug ceoltóirí ón Iarthar cuairt ar an tSín, clúdach sna meán ar fud an domhain, agus bhí go leor de dhírithe ar Michael. Sular thug Wham! cuairt ar an tSín, bhí go leor saghas ceol coiscthe sa tír. Bhí baill ó rialtas na Síne sna lucht féachana agus labhair an láithreoir teilifíse Síneach, Kan Lijun, a chuir an seó i láthair, faoi léiriú stairiúil Wham!; "Ní raibh aon rud den saghas sin feicthe ag éinne cheana. Bhí ionadh ar na daoine óige agus bhí gach éinne ag cnagadh a gcosa. Dar ndóigh, ní raibh na póilíní sásta agus bhí eagla orthu go mbeidh círéibeacha ann." Thaifead an stiúrthóir scannáin, Lindsay Anderson, agus an léiritheoir, Martin Lewis, an turas ina scannán Foreign Skies: Wham! in China.
Nuair a bhí rath ar shinglí aonaracha Michael, "Careless Whisper" (1984) agus "A Different Corner" (1986), bhí ráflaí ann go mbeidh Wham! ag briseadh suas. Scair an dísreach go hoifigiúil i 1986, tar éis gur scaoileadar singil deireanach, "The Edge of Heaven" agus bailiúchán singil, The Final. Anuas ar seo, rinneadar ceolchoirm ar díoladh na ticéid ar fad i Staidiam Wembley, áit a thaispeánadh Foreign Skies don chéad uair. Tháinig deireadh le Wham! go hoifigiúil leis an gcnagshingil, "The Edge of Heaven", a shroich uimhir a haon ins an Ríocht Aontaithe i mí an Mheitheamh 1986.
Gairm Aonarach
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagarIs síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |