Henry Hudson
Taiscéalaí agus maraí Sasanach ba ea Henry Hudson a bhí gníomhach go luath san 17ú haois. Tá cáipéisi a bhreithe in easnamh ach ceaptar gur rugadh i Londain é. Ceaptar freisin gur chaith sé a óige i seirbhís ar farraige mar bhí sé ina chaptaen i gceannas ar long faoin am a bhfuil an chéad trácht air sna foinsí scríofa.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1565 Ríocht Shasana |
Bás | luach anaithnid (>23 Meitheamh 1611) 458/459 bliana d'aois James Bay, Ceanada (en) , is cosúil |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Loingseoireacht |
Gairm | taiscéalaí, mairnéalach |
Tréimhse oibre | 1607 – |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhíleata | |
Géillsine | Ríocht Shasana agus Poblacht na Seacht nDúiche Aontaithe |
Bhí an-tóir ar spíosraí agus táirgí eile an Domhain Thoir ag an am agus mar sin bhí ceannaithe agus rialtais na hEorpa i gcomórtas géar lena chéile chun bealach ní ba dhírí sall a bhaint amach. Tar éis roinnt aistear farraige a dhéanamh ar son ceannaithe Sasanacha de chuid an Chomhlacht Muscovy, a bhí ag iarraidh teacht ar an bPasáiste Siar ó Thuaidh go dtí an India, thaiscéal Hudson cuid den réigiún ar a dtugtar Nua-Eabhrac air anois faoi choimirce Chomhlacht Dúitseach na hIndia Thoir. An Halve Maen ("Leath Gealaí") an t-ainm a bhí ar a bhád an uair sin. Ar an aistear deireanach dó, chuaigh sé ní b’fhaide ó thuaidh ar lorg an bhealaigh úd go dtí an tOirthear agus tháinig sé ar Chaolas Hudson agus ar Bhá Hudson i gCeanada. I ndiaidh an geimhreadh a chaitheamh i mBá James sa bhliain 1611, rinne cuid den chriú ceannairc ina aghaidh agus tréigeadh é i mbád beag in éineacht lena mhac, a bhí ina dhéagóir go fóill, agus le hochtar den chriú a d’fhan dílis dó nó a bhí tinn. Níl a fhios cad a tharla dóibh ina dhiaidh sin.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |