John Carew Eccles
Fiseolaí a rugadh i Melbourne na hAstráile ab ea an Ridire John Carew Eccles (27 Eanáir 1903 – 2 Bealtaine 1997). Rinne sé taighde ar néarfiseolaíocht, agus bhuaigh Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis, le Hodgkin is Andrew Huxley, as a shoiléirithe ar na meicníochtaí ianacha a bhaineann le spreagadh scannán na cille néarógaí.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "John Carew Eccles". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 239.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |