(Translated by https://www.hiragana.jp/)
Téachtadh - Vicipéid Jump to content

Téachtadh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
The printable version is no longer supported and may have rendering errors. Please update your browser bookmarks and please use the default browser print function instead.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarTéachtadh
Cineálhaemastáis agus téachtadh Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0091395 agus 0091398 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD001777 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0005778 Cuir in eagar ar Wikidata
Cneá stollta

Is éard is téachtadh ann ná próiseas an-chasta trína téachtann fuil agus ina gcruthaítear téachtáin fola. Is cuid thábhachtach é den haemastáis, ina scoirtear an chaillteanais fola ó shoitheach fola a bhíonn damáiste, nuair a chumhdaítear balla an tsoithigh damáiste le pláitíní agus fibrin inthuslagtha chun stop a chur leis an bhfuiliú agus tús a chur leis an soitheach a dheisiú.

Is féidir baol méadaithe fuiliú (rith fola) nó téachtadh bacúil (trombóis) bheith ina thoradh ar neamhoird téachta.

Bíonn an téachtadh ardchaomhnaithe ar fud na bitheolaíochta; i ngach mamach, agus baineann sé le chomhphárt cheallach (pláitín) agus [próitéin|phróitéineach]] (fachtóir téachta fola) araon. Bhí an taighde is mó déanta ar an gcóras i ndaoine agus dá réir sin tá an tuiscint is fearr againn air dá bhrí sin.

Tosaíonn an téachtadh díreach tar éis gortú an tsoithigh fola, má déantar damáiste do líneáil intéiliach an tsoithigh. Cuireann teagmháil na fola le fhíochán gortaithe, ar nós mar shampla, fachtóir fíochánach, tús le hathruithe ar phláitíní fola agus ar an phlasmaphróitéin fibrinigin, fachtóir téachta fola. Déanann na pláitíní plocóid láithreach ag suíomh na díobhála; tugtar haemastáis phríomhúil ar seo. Tarlaíonn haemastáis thánaisteach ag an am céanna: freagraíonn próitéiní sa bhfuilphlasma, ar a dtugtar fachtóirí téachta, i gcascáid chasta chun snáitheanna fibrin a dhéanamh, a neartaíonn an téachtán fola.

Fiseolaíocht

Gníomhachtú pláitíní

Nochtann damáiste do bhallaí an fhuileadáin próitéiní an tsubendotheliam, go háirithe an fachtóir von Willebrand(FvW), a bhíonn i láthair faoin t-intéiliam. Is próitéin é FvW a thallann intéiliam sláintiúil, agus déantar ciseal idir an t-intéiliam agus an scannán bunaidh faoi. Má ghearrtar an t-intéiliam, nochtar an FvW, a bhíonn ar leithlis de ghnáth, agus teagmhaíonn an FvW le fuilchealla bána, collaigin, Fachtóir VIII agus fachtóirí téachtadh eile. Ceanglaíonn pláitíní imshruthaitheacha leis an collaigin, trí Ia/IIa dromgabhdóirí gur gliceapróitéin collaigin-oiriúnaithe iad agus a bhíonn collaigin-shainiúil. Neartaíonn FvW próitéiní imshruthaitheacha eile an greamán seo a thuilleadh, agus bíonn naisc breise déanta idir an Ib/IX/V gliceapróitéin agus na fibrilí collaigine. Gníomhachtaíonn na greamáin na pláitíní.

An chascáid théachtadh

conair fhachtóirí téachta (eistreach)

conair ghníomhachtú teagmhála (intreach)

conair dheireanach choitianta

Comhfhachtóirí

Rialtóirí

Fibrinealú

Ról sa chóras imdhíonachta

Tástáil téachta

Ról i ngalar

Neamhoird pláitíní

Galar agus suntasacht chliniciúil na trombóise

Cógaseolaíocht

Pró-théachtaigh

Antaithéachtaigh