(Translated by https://www.hiragana.jp/)
Aerfheithicil gan foireann - Vicipéid Jump to content

Aerfheithicil gan foireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
RQ-1 Predator, Aerfheithicil gan fhoireann, san Iaráic
Lockheed Martin Longbow Hellfire, AGM-114 Hellfire
In ionsaí de chuid Iosrael ar World Central Kitchen, 2024, baineadh úsáid as drón Elbit Hermes 450 de chuid Iosrael[1]

Is éard is aerfheithicil gan fhoireann (AGF), ar a dtugtar sa gnáthchaint drón (nó dordán), ná aerárthach gan píolótach daonna ar bord. Bíonn a heitilt rialaithe go neamhspleách, trí ríomhairí san fheithicil nó trí cianrialtán ag píolótach ar an dtalamh nó i bhfeithicil eile.

Bíonn éagsúlacht leathan de chruthanna, mhéideanna, chumraíochtaí, agus airíonna sna dordáin. Go stairiúil, b'aerárthach cianphíolótaithe é an dordán, ach le déanaí bíonn móréilimh ann i gcomhair córais le smacht uathrialaitheach acu.

Forbraítear iad, den chuid is mó, le haghaidh feidhmeanna míleata agus oibriúcháin speisialta, ach freisin, úsáidtear líon beag ach i gcomhair feidhmeanna sibhialta, mar shampla póilíneacht agus smachtú dóiteáin, agus obair slándála neamhmhíleata, cosúil le faireachas píblínte. Is minic a roghnaítear AGFanna le haghaidh misin atá 'mar chúrsa gnáthaimh', 'ró-shalach', nó 'róchontúirteach'" le haghaidh aerárthaí le foireann.

  1. Yaniv Kubovich (2 Aib 2024). "IDF Drone Bombed World Central Kitchen Aid Convoy Three Times, Targeting Armed Hamas Member Who Wasn't There". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-04-02. Dáta rochtana: 2024.