Nádúraí is geografaí a rugadh i mBeirlín ab ea Friedrich Wilhelm Heinrich Alexander von Humboldt (14 Meán Fómhair1769 – 6 Bealtaine1859).
Ina phríomhshaothar Kosmos (Cosmas, 1845-1862, 5 imleabhar), rinne sé iarracht pictiúr fisiciúil cuimsitheach den Chruinne a tharraingt.
Bhí dúil mhór aige sa taisteal agus sna blianta 1799–1804 rinne sé turas an Domhain Úir, Meiriceá Laidneach sa chuid ba mhó, in éineacht le Aimé Bonpland, eolaí ón bhFrainc. Ainmníodh sruth aigéin gar do chósta thiar Mheiriceá Theas as.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.