(Translated by https://www.hiragana.jp/)
An Afraic Thiar Theas - Vicipéid Jump to content

An Afraic Thiar Theas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Afraic Thiar Theas
Suidwes-Afrika (af) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 23° S, 17° E / 23°S,17°E / -23; 17

PríomhchathairWindhoek Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síAfraic Thiar Theas na Gearmáine Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1915
Díscaoileadh1990
Á leanúint agan Namaib Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadrapunt na hAfraice Thiar Theas Cuir in eagar ar Wikidata

Críoch faoi riarachán na hAfraice Theas ó 1915 go 1990 ab ea An Afraic Thiar Theas (Afracáinis: Suidwes-Afrika; Gearmáinis: Südwestafrika; Ísiltíris: Zuidwest-Afrika). Is tír neamhspleách í ó 1990 i leith ar a dtugtar An Namaib. Bhí teorainn aici le hAngóla (coilíneacht de chuid na Portaingéile roimh 1975), leis an mBotsuáin (An Bheachuanlainn roimh 1966), leis an Afraic Theas, agus leis an tSaimbia (An Róidéis Thuaidh roimh 1964).

Idir 1884 agus 1915, ba choilíneacht de chuid na Gearmáine í, ach chuir Conradh na Náisiún faoi shainordú Aontas na hAfraice Theas tar éis gur cloíodh an Ghearmáin sa Chéad Chogadh Domhanda. Cé gur chuir na Náisiúin Aontaithe deireadh leis an sainordú i 1966, choinnigh an Afraic Theas smacht ar an gcríoch tar éis sin, cé go raibh sé mídhleathach faoin dlí idirnáisiúnta.[1] Bhí an chríoch faoi riail dhíreach rialtas na hAfraice Theas ó 1915 go 1978, nuair a réitigh Comhdháil Bhunreachtúil Turnhalle an bealach i dtreo an neamhspleáchais. Le linn idirthréimhse ó 1978 go 1985, bhronn an Afraic Theas foirm féinrialach teoranta ar an Afraic Thiar Theas de réir a chéile, agus bunaíodh Rialtas Idirthréimhseach na hAontachta Náisiúnta i 1985 mar thoradh air sin.

Sa bhliain 1990, bhain an Afraic Thiar Theas neamhspleáchas iomlán amach mar Phoblacht na Namaibe, cé is moite de Bhá Walvis agus Oileáin na bPiongainí, a d'fhan faoi riail na hAfraice Theas go dtí 1994.

  1. The End of Apartheid”. Archive: Information released online prior to January 20, 2009. United States Department of State (2009). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-02-05. Dáta rochtana: 5 February 2009. “South Africa had illegally occupied neighboring Namibia at the end of World War II, and since the mid-1970s, Pretoria had used it as a base to fight the communist party in Angola.”