An Aithin Chlasaiceach
An Aithin Chlasaiceach | |||||
---|---|---|---|---|---|
Αθήναι (grc) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Ghréig | ||||
Gníomhaireacht rialtais | Decentralized Administration of Attica (en) | ||||
Administrative region of Greece (en) | Attica Region (en) | ||||
Príomhchathair | an Aithin | ||||
Daonra | |||||
Reiligiún | creideamh sa tSean-Ghréig | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | An Aithin | ||||
Cruthú | 508 "RCh" 7 haois "RCh": (Dracón) | ||||
Á leanúint ag | an Aithin | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | an daonlathas san Aithin | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | drachma na Gréige |
Bhí Cathair na hAithne, le linn thréimhse chlasaiceach na Sean-Ghréige (508-322 RC), ina hionad uirbeach mhór (An tSean-Ghréigis: (/ˈpɒlɨs/; πόλις [pólis], nó cathairstát) shuntasach den ainm céanna, lonnaithe san Aitic, an Ghréig, agus bhí sí ina ceannaire ar an Léig Dhéileas i gCogadh na Peilipinéise, in aghaidh [Sparta]] agus Léig na Peilipinéise. Bunaíodh daonlathas na hAithne sa bhliain 508 RC, faoi Chleisthenes (An tSean-Ghréigis: /ˈklaɪs
Sa tréimhse chlasaiceach, bhí an Aithin ina lárionad ealaíona, léinn, agus fealsúnachta, agus is ann a thosaigh an tAcadamh Platónach nó 'Akademia Phlatóin', agus Licéam Arastatail. Freisin, is anseo a rugadh Sócraitéas, Peiricléas, Sophoclés, agus go leor fealsúna, scríbhneoirí, agus polaiteoirí mór le rá eile de chuid an domhain ársa. Tugtar go forleathan “Cliabhán Shibhialtacht an Iarthair” uirthi, agus áit bhreithe an daonlathais, den chuid is mó mar gheall ar thionchar a d'imir a cuid gnóthachtálacha cultúrtha agus polaitiúla ar an chuid eile de mhór-roinn na hEorpa i rith an 5ú agus 4ú haois RC.