An Mhucais
Cineál | Sliabh ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Logainm.ie | 111301 ![]() | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Dhún na nGall, Éire ![]() | |||
| ||||
Sliabhraon | Sléibhte Dhoire Bheatha ![]() | |||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | 666 m ![]() | |||
Starraiceacht thopagrafach | 522 m ![]() | |||
Is sliabh suite i gContae Dhún na nGall í An Mhucais[1] . Tá airde 666m aige; mar sin, is é an 3ú sliabh is airde i gSléibhte Dhoire Bheatha, agus an 163ú sliabh is airde in Éirinn.[2] Is í an Mhucais freisin an sliabh is faide ó thuaidh agus an 2ú is airde sa sliabhraon ar a dtugtar Na Seacht Deirfiúracha.
Forbhreathnú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhaintí gaineamh grianchloiche ar ardchaighdeán as cliatháin an tsléibhe; feictear iarsmaí na n-oibreacha cairéil ar a taobh thuaidh.[2] Is bealach chun bharr an tsléibhe é 'Bealach an Mhianadóra', bealach a leanann cuid den chosán a d'úsáideadh na hoibrithe chun na cairéil a bhaint amach. D'onnmhairítí an gaineamh agus d'úsáidtí é den chuid is mó i ndéantas na gloine optúla. Tosaíonn slí níos fusa chun na stuaice i Mám na Mucaise ar thaobh theas an tsléibhe.
![Droichead na nDeor. Droichead beag déanta as cloch liath, atá ag tabhairt bealach thar srutháin. Tá sé suite ar phortach, agus tá bun sléibhe - an Mhucais - le feiceáil sa gharchúlra](https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/f2/Road_from_Falcarragh_SE_to_R251_-_Bridge_of_Tears_-_geograph.org.uk_-_1185230.jpg/220px-Road_from_Falcarragh_SE_to_R251_-_Bridge_of_Tears_-_geograph.org.uk_-_1185230.jpg)
![Leac cuimhneacháin do na himircigh a d'fhág Cloch Cheann Fhaola thar Dhroichead na nDeor. Is éard atá mar scríbhinn air ná: "Fad leis seo a thagadh cairde agus lucht gaoil an té a bhí ag imeacht chun na coigrithe. B'anseo an scaradh. Seo Droichead na nDeor." sa chló thraidisiúnta.](https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/8e/Bridge_of_Tears_-_Roadside_stone_Gaelic_monument_-_geograph.org.uk_-_1185235.jpg/220px-Bridge_of_Tears_-_Roadside_stone_Gaelic_monument_-_geograph.org.uk_-_1185235.jpg)
Is iad an Fál Carrach, Dún Fionnachaidh, an Craoslach, agus Maigh Ráithe na bailte is cóngaraí leis an Mhucais. Is ar thaobh an Fháil Charraigh atá Mám na Mucaise, áit a bhfuil Droichead na nDeor, droichead a ainmníodh amhlaidh mar gur thrasnaigh na mílte eisimirceach as Chloch Cheann Fhaola an droichead seo agus iad ar a mbealach chun an tír a fhágáil. Ag tús na 20ú haoise, tháinig an file Percy French chun an cheantair, áit ar obair sé mar chigire caidhséar[3], agus le linn dó a bheith ag fanacht in óstán san Fhál Charrach, scríobh sé an dán "An Irish Mother" (Máthair Éireannach).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “An Mhucais/Muckish Mountain | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ 2.0 2.1 "Muckish 667.1m mountain, Donegal NW Derryveagh Mountains Ireland at MountainViews.ie". mountainviews.ie. Dáta rochtana: 2018-07-23.
- ↑ Cowley, Pat.; Ronayne, Liam. (1998). "The Donegal Highlands". Donaghadee [Co. Down], Northern Ireland: Cottage Publications. OCLC 41500168.