(Translated by https://www.hiragana.jp/)
Réamhstair - Vicipéid Jump to content

Réamhstair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó An Réamhstair)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtRéamhstair
Íomhá
Cineálam
tréimhse stairiúil
tréimhsiú Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide


Sainíonn an téarma réamhstair an tréimhse ama ag tosú le teacht i láthair an chéad duine daonna agus dar críoch le haireagán na scríbhneoireachta. Toisc nach ann do dhoiciméid scríofa gur féidir linn a úsáid chun staidéar a dhéanamh ar a mhodhanna maireachtála, úsáidtear iarsmaí nó taisí daoine. Samplaí: corp an duine féin, uirlisí fiaigh, pictiúir, deilbh, srl. B'é an seandálaí Paul Tournal a chum an téarma Ante-historique i dtosach báire, agus é ag déanamh cur síos ar na pluaiseanna a d'aimsigh sé i ndeisceart na Fraince.

Deirtear gur thosaigh an stair leis an chéad scríbhinn a bhfuil eolas againn air, as an Mheaspatáim, beagáinín roimh 3000 RC.

Tá an tréimhse seo an-leathan agus roinntear é go traidisiúnta i dtrí aimsir neamhchothrom:



An Réamhstair

An Chlochaois | An Chré-umhaois | An Iarannaois