Bairnéad
Cuma
Is éard is bairnéad ann, nó banbhairnéad más bean atá i gceist (Béarla: baron, baronetess) ná duine a bhfuil bairnéadacht acu, teideal a bhronnas an Choróin sa Ríocht Aontaithe agus a bhronnadh an Choróin i Sasana, in Éirinn, sa mBreatain Mhór agus in Albain Nua. Feictear tagairtí don teideal chomh fada siar leis an 14ú haois ach cruthaíodh córas na mbairnéadachtaí atá ann faoi láthair i réimeas Séamas VI, Albain agus Séamas I, Sasana agus Éire le tuilleadh ioncaim a thabhairt isteach don Choróin.
Tugtar "sir" ar bhairnéid, amhail ridirí, agus "dame" ar bhanbhairnéid. Tá bairnéadachtaí ar an aon chineál onóra oidhreachtúla sa Ríocht Aontaithe nach meastar tiarnas ceart a bheith iontu.
Líon Bairnéadachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cruthuithe | Iomlán | Bairnéid | Tiarnaí |
---|---|---|---|
Bairnéadachtaí i Sasana | 133 | 82 | 51 |
Bairnéadachtaí in Éirinn | 57 | 34 | 23 |
Bairnéadachtaí in Albain Nua | 103 | 73 | 30 |
Bairnéadachtaí sa mBreatain Mhór | 122 | 91 | 31 |
Bairnéadachtaí sa Ríocht Aontaithe | 789 | 682 | 107 |
Iomlán | 1204 | 962 | 242 |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "BARONETS OF ENGLAND, SCOTLAND, IRELAND, GREAT BRITAIN AND THE UNITED KINGDOM". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 7 Samhain 2017. Dáta rochtana: 4 Nollaig 2022.