(Translated by https://www.hiragana.jp/)
An Bhealtaine - Vicipéid Jump to content

An Bhealtaine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Bealtaine)
<<   Bealtaine   >>
Lu Ao Sa Do
1 2 3 4 5
6 7 8 9 10 11 12
13 14 15 16 17 18 19
20 21 22 23 24 25 26
27 28 29 30 31
2024
Laethanta na bliana go léir

Is í BealtaineMí na Bealtaine an cúigiú den bhliain.

Síltear go mb’fhéidir go gciallaíonn an focal beal ‘solas geal’ agus is ionann an dara cuid den fhocal agus ‘tine[1].  Tá baint láidir idir an fhéile seo agus tinte i mbéaloideas na hÉireann.

Nuair a bhíonn duine a bhfuil Gaeilge aige/aici i bponc faoi rud éigin, is minic a déarfaidh sé/sí “tá mé idir dhá thine Bhealtaine faoi.” Go dtí céad bliain ó shin, bhíodh sé de nós ag daoine in áiteanna áirithe faoin tuath in Éirinn dhá thine mhóra a lasadh ar an lá seo agus na ba a thiomáint idir an dá thine seo lena gcosaint ar aicídí. De réir téacs ón deichiú haois darb ainm Sanas Chormaic, bhí nós ag na draoithe an rud céanna a dhéanamh le linn ré na bPágánach na céadta bliain roimhe sin.

Scéal suimiúil é an droch-ádh a ghabhann le pósadh i Mí na Bealtaine. Sa chreideamh réamhChríostaíochta, creideadh gur phós Dia na Gréine ag an tráth seo den bhliain agus, mar sin de, lá mór do na págánaigh é seo dar leis an Eaglais. Is cosúil go ndearnadh iarracht mhór an nós seo a bhrú amach agus, sa deireadh, fágadh é gur chreid daoine go raibh droch-ádh leis an mhí seo mar mhí chun pósadh.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. bbc.co.uk (27 D.F. 2011). "Féilte na SeanGhael". Dáta rochtana: 4 Lúnasa 2018.
  2. Dubhán Ó Longáin (2024-09-04). "Iarr ar chara leat ceiliúr pósta a chur ar do chéile" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-09-08.