Bernard Palissy
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | c. 1510 Lacapelle-Biron, An Fhrainc |
Bás | 1589 78/79 bliana d'aois an Bastille, An Fhrainc |
Siocair bháis | Carcrú agus drochíde |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Protastúnachas |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ceimiceoir, geolaí, scríbhneoir, tíreolaí, criadóir, fisiceoir, dealbhóir |
Teangacha | An Fhraincis |
Eile | |
Ciontaíodh i | eiriceacht |
Potaire a saolaíodh in Agen na Fraince ab ea Bernard Palissy (c 1510-1589). Thosaigh sé mar phéintéir gloine, ach shaothraigh bealach nua chun cré-earraí a ghlónrú. Bhí sé in ann plandaí is ainmhithe, daite go nádúrtha, a chur i rilíf ard ar a chuid earraí, agus thabhaigh sé seo clú dó. Cuireadh i bpríosún é i 1562 de bhrí gurbh Úgónach é, ach saoradh é go luath agus lean sé lena a ghnó cáiliúil sna Tuileries. Ach caitheadh i bpríosún arís é i 1588 ar an gcúis chéanna, agus fuair sé bás.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Bernard Palissy". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 505.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |