Charles Lamb (péintéir)
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 30 Lúnasa 1893 Port an Dúnáin, Northern Ireland |
Bás | 15 Nollaig 1964 71 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | péintéir |
Ghlac sé/sí páirt i | |
1948 | Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1948 |
1932 | Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1932 |
Teaghlach | |
Páiste | Peadar Lamb |
Ealaíontóir mór le rá as Éireann ba ea Charles Lamb ((30 Lúnasa 1893 – 15 Nollaig 1964) ) a tharraing pictiúir go leor de shaol na hÉireann agus de thírdhreach agus muintir Chonamara.[1][2]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba as Port an Dúnáin Charles Lamb agus ba é an t-údar Pádraic Ó Conaire a mhol dó a aghaidh a thabhairt ar Chonamara. Tamaill níos déanaí, thit Lamb faoi dhraíocht ag Conamara agus rinne sé pictiúir dhraíochta den cheantar. Bhí Lamb ina chónaí ar an gCeathrú Rua ó na tríochaidí go dtí gur cailleadh é i 1964.[3]
Ceannródaí ab ea a bhean, Catherine Hueffer Lamb a bhí ar an gcéad bhean a cháiligh ina tréidlia – an t-aon bhean a bhí sa rang (ba é an scríbhneoir Ford Madox Ford a hathair).[1]
Mac le Charles Lamb ba ea Peadar Lamb, duine de mhóraisteoirí na hÉireann.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Díoladh sa bhliain 2017, ar €2,500, saothar le Lamb ina bhfuil radharc de chósta Chonamara – 'Coastal Landscape – Carraroe'
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Charles Lamb (scríbhneoir aistí)
- Peadar Lamb, aisteoir
- Ealaíontóirí Pádraig Reaney, Paul Henry agus Daniel O'Neill
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Scéal Mary Lamb as an gCeathrú Rua le craoladh ar RTÉ anocht" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-10-12). Dáta rochtana: 2023-10-12.
- ↑ Maire Ní Chualáin ar amuigh.ie (2004). "Oidhreacht Lamb / Cartlann Ghaeltacht Chonamara," (as ga-IE).
- ↑ 3.0 3.1 Rónán Mac Con Iomaire (Meitheamh 2003). "An Cheathrú Rua" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-10-12.