(Translated by https://www.hiragana.jp/)
Créitín - Vicipéid Jump to content

Créitín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
púdar bán... glacann daoine créitín go minic mar phúdar tuaslagtha in uisce.
forbhia agus forlíonadh cothaitheach

Comhdhúil orgánach is ea créitín,[1] (H2N)(HN)CN(CH3)CH2CO2H. Cruthaíonn an corp créitín dá chuid féin. Coinníonn an corp créitín sna matáin i bhfoirm fosfaichréitín, a úsáidtear mar fhuinneamh. Faigheann an chuid is mó de dhaoine créitín ó bhia mara agus feoil. Ar ndóighe, má tá aiste chothrom bia agat, ní gá an forlíonadh a ghlacadh. Ní chruthaíonn an corp go leor créitín chun oiriúnú a dhéanamh ar dhuine aclaí, áfach, agus mar sin, is substaint úsáideach í le haghaidh tógáil matán agus traenáil fhisiceach.

Tá créitín ar na forlíontaí is nádúrtha agus is mó staidéar i ngort na bitheolaíochta. Nuair a chuir eolaithe suim sa tsubstaint a fheictear mar phúdar bán de ghnáth, díríodh formhór an taighde ar an chomhchoibhneas idir glacadh an chréitín, buntáistí sláinte agus ardú feidhmíochta duine a bhíonn ag traenáil go fisiceach.

Fuarthas amach go bhfuil créitín le fáil go nádúrtha sa chorp; cuidíonn sé le crapadh na matán cnámharlaigh agus fuinneamh a sholáthar le haghaidh na traenála. Is féidir leis an ae, an paincréas, agus na duáin 1g de chréitín a chruthú gach lá. Faightear créitín ó thrí aimíonaigéad, glicín, argainín agus meitiainín. Trí na haimíonaigéid agus an créitín féin, cruthaíonn an corp trífhosfáit adanóisín (ATP), a n-úsáidtear é mar fhuinneamh.

Moltar an forlíonadh a thógáil fá choinne fuinneamh breise agus duine i mbun traenála, ach, cé go bhfuil buntáistí sláinte eile leis, ní gá créitín a ghlacadh i gcónaí.[2] Idir fhorlíonta, áfach, tá créitín ar an tsubstaint is tábhachtaí chun a oiread dul chun cinn agus is féidir a dhéanamh, cé nach saothraíonn gach duine na héifeachtaí céanna as créitín. Glacann daoine créitín go minic mar phúdar tuaslagtha in uisce.

Creideann daoine áirithe go ndéanann créitín níos láidre thú má thógann tú é ar mhaithe le do chuid traenála, cuidíonn sé le tógáil meacháin, agus spreagann sé seasmhacht sa ghiom. Cuireann sé le cumas imreoirí a imríonn spóirt ard-déine fosta, mar shampla, an pheil Ghaelach, ráibeanna nó traenáil seasmhachta. Dá fhaide an aclaíocht, is mó créitín a bhíonn de dhíth, óir ní mhaireann na héifeachtaí ach seal áirithe.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): créitín” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-08-09.
  2. "Creatine" (en). Mayo Clinic. Dáta rochtana: 2024-08-08.
  3. Tiernan Ó hArgadáin (2024-08-08). "Cad é créitín agus cad a dhéanann sé?" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-08-08.