(Translated by https://www.hiragana.jp/)
Deicibeil - Vicipéid Jump to content

Deicibeil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí AonadDeicibeil
Cineállogarithmic unit (en) Aistrigh agus non-SI unit mentioned in and accepted with the SI (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aonad delogarithmic quantity (en) Aistrigh agus sound pressure level (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Carachtar UnicodeCuir in eagar ar Wikidata
EapainmAlexander Graham Bell Cuir in eagar ar Wikidata
Tiontuithe aonad
In aonaid caighdeánacha0.1 B Cuir in eagar ar Wikidata


Aonad ina dtomhaistear leibhéal déine fuaime is ea deicibeil. Scála logartamach is ea é seachas dearbhscála. Is brúthonn í fuaim, ina dtarlaíonn buaiceanna brú is loig brú i ndiaidh a chéile de réir mar a fhorleathann an fhuaim tríd an aer. De ghnáth tomhaistear leibhéal déine nó glóraí fuaime nó torainn i ndeicibeilí. Is é 0 dBでしべる tairseach aireachtála na cluaise, agus is deacair fuaimeanna níos lú ná 10 dBでしべる a chloisint, ach is pianmhar fuaimeanna níos mó ná 120 dBでしべる. Bíonn timpeall 60 dBでしべる i ngnáthchomhrá, agus timpeall 100 dBでしべる i gcoirm raic-cheoil.[1] Léiríonn an tábla seo na luachanna a bhíonn ag fuaimeanna éagsúla:

istoíche faoin tuath 20 dBでしべる
cogar 30 dBでしべる
gnáthchómhrá 60 dBでしべる
i ngluaisteán atá ar siúl 80 dBでしべる
saotharlann innealra 100 dBでしべる
gar d'aerdhruilire 120 dBでしべる
gar do scairdinneall 140 dBでしべる
  1. Hussey, Matt (2011). "Deicibeil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 201.