Fliú Spáinneach
Lipéad sa teanga dhúchais | (fr) La Grippe Espagnole (es) La Pesadilla |
---|---|
Cineál | paindéim fliú de fliú A(H1N1) paindéim galar tógálach zónóis ráig ghalair |
Tréimhse | Eanáir 1918 - Nollaig 1920 |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Fhrainc |
Pointe imeachta | Fort Riley, Kansas (en) Contae Haskell, Kansas Camp Funston, Kansas (en) Étaples, An Fhrainc |
Cúis | fliú A(H1N1) |
Number of cases (en) | 500,000,000 |
Líon básanna | ± 50,000,000 |
Croineolaíocht | |
An Chéad Chogadh Domhanda | |
Codanna | |
Paindéim fliú[1] ollmhór, idir Feabhra 1918 agus Aibreán 1920, ab ea an Fliú Mór, nó an Fliú Spáinneach. Scaip an phaindéim ar fud an domhain agus fuair 17 milliún bás dá bharr ar a laghad, ach b'fhéidir i bhfad níos mó, agus níos mó ná a maraíodh sa gCéad Chogadh Mór óna thús go dtína dheireadh.[2]. Bhain an phaindéim sin craitheadh uafásach as an domhan.[3]
Eipidéimeolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]An víreas fliú A(H1N1) (fochineál nó sórt fliú) a bhí neamhghnách agus an-mharfach ar fad, ba chúis leis.
Ní fios, de réir easpa fianaise stairiúla agus eipidéimeolaíochta, tír thionscnaimh na paindéime i ndáiríre. Dúradh gur i gcampa airm a thosaigh sé sna Stáit Aontaithe – in áit a dtugtar Fort Riley, Kansas, air.[4]
Chruthaigh daoine eile ó shin go raibh sé tosaithe le tamall roimhe i gcampa airm in Etaples sa bhFrainc. Campa a bhí ansiúd a raibh 100,000 saighdiúir ag dul tríd chuile lá. Ach bhí teoiric eile ann gur as an tSín a scaip an Fliú Spáinneach go Meiriceá agus as sin go dtí an Fhrainc.
Ainmníodh é An Fliú Spáinneach mar gur tugadh níos mó poiblíochta dó sa Spáinn i dtús aimsire ná a tugadh i dtíortha eile. Ní raibh aon chinsireacht mhíleata sa Spáinn mar ní raibh an tír sa gcogadh.
Básanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scríobh an t-eolaí Matt Hussey[5], "I bpaindéim 1918 fuair 25 milliún duine bás ar fud an domhain". "40 milliún" a scríobh Seosamh Ó Cuaig.[3] Ach b'fhéidir gur fuair idir 50 milliún agus 100 milliún daoine bás de bharr an galar[6]. Meastar go raibh an galar ag trian de dhaonra an domhain, sé sin 500 milliún daoine ag an am.
Aosaigh óga sláintiúla ba ea tromlach na n-íospartach, i gcomparáid agus i gcodarsnacht le ráigeanna fliú eile, nuair ba iad na daoine sna grúpaí ‘i mbaol' (ná daoine aosta agus mífholláin).
An phaindéim in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'éag níos mó ná 20,000 in Éirinn[7], 23,000 b'fhéidir[8]. I gcomparáid, sa bhliain 1916, mharaigh fliú agus na galair thógálacha go léir (cosúil leis an mbruitíneach, fiabhras dearg, triuch, diftéire srl) 2,092 duine[9].
Ina ráigeanna a tháinig an Fliú Mór in Éirinn– trí cinn acu[10]. Cathair Bhéal Feirste ba mheasa a bhí buailte ag an gcéad ráig a tháinig i ndeireadh an Earraigh 1918.[11][12][13][14]
Faoi Shamhain a tháinig an ráig ba mheasa. Bhí 40-50 curtha i reilig Ghlas Naíon gach lá i mí na Samhna 1918[15],[16]. Bhí an ráta báis ó 20/1000 i mBéal Feirste go 50/1000 i lár Bhaile Átha Cliath.
Tionchar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Éireannaigh a d'éag
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Pierce McCan, Polaiteoir, ina bhall de Sinn Féin.
- Seán Ó Cadhla (1885–1918)Daoine mór le rá a d'éag
- Admiral Dot (1864–1918), cleasaí sorcas mór le rá
- Amadeo de Souza Cardoso, péintéir Portaingéalach, (Deireadh Fómhair 25, 1918)
- Guillaume Apollinaire, file Francach (Samhain 9, 1918)
- Louis Botha, an chéad Phríomh-aire ar an Afraic Theas (Lúnasa 27, 1919)
- Randolph Bourne, scríbhneoir Meiriceánach agus intealachtóir (Nollaig 22, 1918)
- Larry Chappell, imreoir daorchluiche Meiriceánach, (Samhain 8, 1918)
- Angus Douglas, peileadóir Albanach, (Nollaig 14, 1918)
- Harry Elionsky, snámhaí fad-achair Meiriceánach
- George Freeth, athair an tonnmharcaíocht nua-aimseartha agus fear faire tarrthála (Aibreán 7, 1919)
- Sophie Halberstadt-Freud, iníon Sigmund Freud, (1920)
- Irma Cody Garlow, iníon Buffalo Bill Cody
- Myrtle Gonzalez, ban-aisteoir Meiriceánach (Deireadh Fómhair 22, 1918)
- Kenneth Sawyer Goodman, an té a bhunaigh an Goodman Theatre i Chicago
- Charles Tomlinson Griffes, cumadóir Meiriceánach (Aibreán 8, 1920)
- Phoebe Hearst, máthair William Randolph Hearst, (Aibreán 13, 1919)
- Bohumil Kubišta, péintéir Seiceach, (Samhain 27, 1918)
- Hans E. Lau, réalteolaí Danmhairgeach, (Deireadh Fómhair 16, 1918) aisteoir ar an ardán agus i scannáin, fear céile an bhan-aisteora Constance Collier (Deireadh Fómhair 22, 1918)
- Harold Lockwood, aistreoir Meiriceánach, (Deireadh Fómhair 19, 1918)
- Francisco Marto, leanbh Fátima (Aibreán 4, 1919)
- Jacinta Marto, leanbh Fátima (Feabhra 20, 1920)
- Dan McMichael, bainisteoir Hibernian (1919)
- Leon Morane, eitleoir Francach (Deireadh Fómhair 20, 1918)
- Sir Hubert Parry, cumadóir Sasanach, (Deireadh Fómhair 7, 1918)
- William Leefe Robinson, buaiteoir an Victoria Cross, (Nollaig 31, 1918)
- Edmond Rostand, údar Cyrano de Bergerac, (Nollaig 2, 1918)
- Egon Schiele, péintéir Ostarach (Deireadh Fómhair 31, 1918, Vín). D'éag a bhean chéile Edith, a bhí ag iompar ar feadh sé mhí, trí lá roimhe sin.
- Yakov Sverdlov, ceannaire Bolshevik (Márta 16, 1919)
- Mark Sykes, Polaiteoir ón Bhreatain agus taidhleoir, dí-adhlacadh a chorp i 2008 chun taighde a dhéanamh air (Feabhra 16, 1919)
- Frederick Trump, seanathair an fhir ghnó clúiteach Donald Trump, (Márta 30, 1918)
- Max Weber, saineolaí ar an ngeilleagar agus ar ghnóthaí chomhdhaonnacha ón Ghearmáin (Meitheamh 14, 1920)
- Flaith Erik, Taoiseach Västmanland (Erik Gustav Ludvig Albert Bernadotte), Flaith na Sualainne, Taoiseach Västmanland (Meán Fómhair 20, 1918)
- Vera Kholodnaya, ban-aisteoir ón Rúis (Feabhra 16, 1919)
- Dark Cloud (aisteoir), ar a raibh aithne ar mar Elijah Tahamont freisin, aisteoir arbh Meiriceánach Dúchasach é, i Los Angeles (1918).
- Franz Karl Salvator (1893–1918), mac Ard-Banthaoiseach Marie Valerie na hOstaire agus Ardthaoiseach Franz Salvator, garmhac of Ardbhanríon Elisabeth ó Bavaria agus an Ardrí Franz Joseph I ón Ostair, fuair sé bás gan pósadh agus gan clann.
- Anaseini Takipō, Banríon Tonga ó 1909, céile an Rí George Tupou II de Tonga, mhair iníon amháin léi, (November 26, 1918)
- King Watzke, veidhleadóir Meiriceánach, (1920)
- Bill Yawkey, feidhmeannach Major League Baseball agus ba leis na Detroit Tigers, in Augusta, Georgia (Márta 5, 1919)
Daoine mór le rá a tháinig slán
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Alexandrine of Mecklenburg-Schwerin (1879–1952), Banríon na Danmhairge
- Walter Benjamin, (1892-1940) fealsamh de bhunaidh Giúdach agus Gearmánach agus Marxach.
- Walt Disney (1901–1966), dearthóir beochan.
- David Lloyd George (1863–1945), Príomh-aire na Ríochta Aontaithe.
- Lillian Gish (1893–1993), ban-aisteoir mór le rá.
- Joseph Joffre (1852–1931), Ginearál Francach sa Chéad Chogadh Domhanda.
- Edvard Munch, (1863–1944) ealaíontóir Ioruach.
- Georgia O'Keeffe, (1887-1986) ealaíontóir Nua-aoiseach ó Stáit Aontaithe Mheiriceá .
- John J. Pershing (1860–1948) taoiseach míleata Meiriceánach.
- Mary Pickford (1892–1979), ban-aisteoir mór le rá.
- Katherine Anne Porter (1890–1980), Scríbhneoir Meiriceánach (Duais Pulitzer)
- Franklin D. Roosevelt (1882–1945), Uachtarán SAM
- Haile Selassie (1892–1975), Ardrí na hAetóipe.
- Leo Szilard (1898–1964), fisiceoir eithneach, fionnachtaí an t-imoibriú slabhrúil eithneach.
- Wilhelm II Ardrí na Gearmáine (1859–1941)
- Woodrow Wilson (1856–1924) Uachtarán SAM.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "pandemic - Aistriúchán Gaeilge ar pandemic (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2020-11-14.
- ↑ Fuair naoi milliún saighdiúir bás i machaire an áir, agus d'éag na milliúin sibhialtach chomh maith. Ó thosaigh an Cogadh, fuair níos mó ná 16 mhilliún bás, lena n-áirítear tuairim agus 7 milliún sibhialtach
- ↑ 3.0 3.1 Seosamh Ó Cuaig. "Ón bhfliú Spáinneach go dtí fliú na bhfear…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-15.
- ↑ lch 49, http://centenaries.ucd.ie/wp-content/uploads/2015/04/83980-UCD-Decade-of-Centenaries_A5-IRISH_FA_download_v2.pdf
- ↑ Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
- ↑ Johnson N.P., Mueller J. « Updating the accounts: global mortality of the 1918-1920 “Spanish” influenza pandemic. », Bull Hist Med., printemps 2002, 76(1), p. 105-15. pmid:11875246
- ↑ "Greatest killer of the twentieth century: the Great Flu of 1918–19". History Ireland (2013-03-05). Dáta rochtana: 2020-11-15.
- ↑ Mártan Ó Ciardha. "Ag póirseáil dom sna sean-nuachtáin, ghreamaigh mo shúile d’eagrán an Kerryman an 26 Deireadh Fómhair 1918" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-15.
- ↑ cso.ie. "An Saol in Éirinn sa bhliain 1916 - CSO, lch 34". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Fri, 14 Sep, 2018 - 01:00 (2018-09-14). "The deadly trail of the Spanish Flu through Ireland in 1918" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2020-11-15.
- ↑ Pádraic Tom Bán Breathnach (2018). "An Fliú Mór 1918-19" (as ga). Curtha i gcartlann 2020-11-21 ar an Wayback Machine
- ↑ S Ó Tuairisg; Cormac O Breisleáin (1972-08-22). "Agallamh le Cormac Ó Breisleáin (22/08/1972)" (as ga) Luann Ó Breisleáin gur bhásaigh na céadta i gceantar Ghaoth Dobhair ón bhfliú mór a bhí ann i ndiaidh dheireadh an Chogaidh Mhóir. I roinnt cásanna fuair níos mó ná duine amháin as an teaghlach céanna bás.. Curtha i gcartlann 2020-11-16 ar an Wayback Machine
- ↑ Seán Ó Súilleabháin; An Fliú Spáinneach. "Cailleadh cheithre dhuine dhéag leis an fliú Spáinneach i mBéal Átha an Ghaorthaigh i 1919.". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2020-11-15.
- ↑ Donncha Ó hEallaithe (2018). "An Connacht Tribune 1918" (as ga). Curtha i gcartlann 2022-10-07 ar an Wayback Machine
- ↑ Joe Joyce. "November 9th, 1918: Relief as deaths from 1918 Spanish flu epidemic began to decline" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-11-14.
- ↑ Pádraig Yeates - A City in Turmoil – Dublin 1919–1921: The War of Independence