Fosfailipid
Cuma
Rangú saille ar leith ina bhfuil cuid den mhóilín (an ceann) an-pholach, agus mar sin intuaslagtha in uisce is hidrifileach (ní hionann is an chuid shailleach). Bíonn an chuid eile den mhóilín (an t-eireaball) an-dothuaslagtha is hidreafóbach. Is difriúil an ceann i ranganna difriúla fosfailipide. Is fosfailipidí na príomh-chomhábhair i ngach cillscannán bitheolaíoch. Stórálann siad aigéad araicideonach, a fheidhmíonn mar réamhábhar na bprostaglaindiní.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fosfailipid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 283.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |