Gerard Manley Hopkins
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 28 Iúil 1844 Stratford, England |
Bás | 8 Meitheamh 1889 44 bliana d'aois Baile Átha Cliath (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann) |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Peireatóiníteas) |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon, Jesuit plot (1889–) |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas agus Anglacánachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | St Beuno’s Ignatian Spirituality Centre (en) (1874–1877) Coláiste Balliol, Oxford (1863–1867) Scoil Highgate (1854–1863) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, scríbhneoir |
Teangacha | Béarla |
Ord crábhaidh | Cumann Íosa |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Athair | Manley Hopkins |
Siblín | Arthur Hopkins agus Everard Hopkins |
Ba fhile Sasanach é Gerard Manley Hopkins, C.Í. (28 Iúil, 1844 – 8 Meitheamh, 1889) a d'iompaigh ar an gCaitliceachas, is a bhí ina shagart de chuid Chumann Íosa a bhain cáil amach san fhichiú haois tar éis a bháis. Aithnítear anois é mar dhuine de mhórfhilí na ré Victeoirí.
Tugtar cuid mhaith aitheantais dó de bharr a chuid filíochta turgnamhaí sa phrosóid (ach go háirithe rithim ghéilleach) agus an úsáid a bhain sé as íomhánna, agus braitear go raibh sé ar thús cadhnaíochta i ré a bhí lán leis an véarsaíocht thraidisiúnta.
Ainmníodh foirgneamh sa COBÁC i gcuimhne air, sa bhliain 2011, tar éis a thréimhse ann mar Ollamh le Gréigis.