Jean Piaget
Síceolaí agus fealsúnaí a rugadh i Neuchâtel na hEilvéise ab ea Jean Piaget (9 Lúnasa 1896 – 16 Meán Fómhair 1980). Tá cáil air as a thaighde ar fhorbairt feidhmeanna cognaíocha i bpáistí go háirihe.[1]
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir Piaget síos ar a thorthaí i leabhair cosúil le La Naissance de l'intelligence chez l'enfant (Breith na hIntleachta sa Naíonán, 1948). Sa bhliain 1968, foilsíodh Le Structuralisme le Jean Piaget.[2]
Is é Piaget a chur teideal ar theoiric an tógachais ina maítear go n-eisíonn daoine eolas agus ina n-aimsíonn daoine ciall agus brí on tsaol atá bunaithe ar a dtaithí ar an saol. Bhí Piaget den tuairim nach raibh sé ar chumas an duine daonna an t-eolas a tugtar dóibh a fhoghlaim agus a úsáid láithreach bonn; bíonn ar an duine daonna a c(h)uid eolais féin a chruthú dó féin.[3]
Piaget in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foilsíodh curaclam nua bunscoile sa bhliain 1971. Tugadh modhanna múinteoireachta a d’eascair as teoiricí Piaget chun cinn sa churaclam nua agus díríodh ar churaclam a bhí gasúr-lárnaithe.[4] Ar thuiscintí Piaget ar an bhfoghlaim mar phróiseas ghníomhach a bhí an cur chuige bunaithe.[5][6]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Ciarán Mac Aonghusa. "An Leanbh Óg agus an Taithí Saoil" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-09-16.
- ↑ Regina Uí Chollatáin. "Iriseoirí pinn na Gaeilge" (ga-IE). Cois Life. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-26. Dáta rochtana: 2020-09-16.
- ↑ Katrina Walsh, Ollscoil Luimnigh (2018). "Cad a spreagann rogha laethúil teanga sa Ghaeltachtː Anailís ar an rogha teanga i nGaeltacht na nDéise". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Neasa Ní Chuaig. "Iniúchadh ar chleachtais litearthachta i gcóras bunscolaíochta Chatagóir A na Gaeltachta: Cur chuige praiticiúil d’fhorbairt na scríbhneoireachta". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Jean Piaget". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 516.
- ↑ Cathal de Paor. "Scolaíocht san aois dhigiteach: an bhfuil sé in am ár gcur chuige sa seomra ranga a athrú ó bhonn?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-09-16.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |