Léon Blum
Príomh-aire ar an Fhrainc,de chuid an eite chlé, ab ea Léon Blum (9 Aibreán 1872 – 30 Márta 1950), agus Sóisialaí go smior,[1]
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig Blum faoi thionchar Jean Jaurès sna 1900idí, Sóisialaí diongbháilte. Sa bhliain 1904, In éineacht le Jaurès, bhunaigh sé L'Humanité, nuachtán de chuid Section Française de l'Internationale Ouvrière (SFIO) ag an am.
Ar an 4 Meitheamh 1936, bhí Blum tofa ina phríomh-aire ar an Fhrainc, i mbun 'Fronta an Phobail', rialtas Sóisialach, D'fhan sé sa phost sin go dtí 1937. Toghadh é arís in 1938, 1946-47 agus ceapadh Blum mar leas-phríomh-aire sa bhliain 1948.
Bhain 'Fronta an Phobail' amach leasuithe tábhachtacha sna 1930idí ; bhunaigh an rialtas córas leasaithe shóisialta mar shampla.[2]
D'fhógair rialtais daonlathacha na hEorpa polasaí frith-idirghabhála le linn Chogadh Cathartha na Spáinne. Bhí faitíos ar an rialtas faoi Léon Blum cúnamh a thabhairt don rialtas Spáinneach ar eagla go leathnódh an choimhlint go dtí a dtír féin.
Le linn an Dara Chogadh Dhomhanda, tógadh Blum mar “ghiall”, i bpríosún i mBuchenwald, Dachau agus i dTioróil na hOstaire. Fuair a dheartháir, René Blum, an cóiréagrafaí a bhunaigh Bailé Ceoldráma Mhonacó, bás san Uileloscadh. Bhí an t-ádh glan ar Léon Blum féin nár cuireadh chun báis é. Tar éis an chogaidh, d’fhan sé sa pholaitíocht agus rinneadh Príomh-Aire na Fraince arís uair dheireanach.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Léon Blum" (en-US). Yale University Press. Dáta rochtana: 2022-03-30.
- ↑ "hours of labour | Britannica" (en). www.britannica.com. Dáta rochtana: 2022-03-30.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |