(Translated by https://www.hiragana.jp/)
Maria Montessori - Vicipéid Jump to content

Maria Montessori

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMaria Montessori

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(it) zorroza Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith31 Lúnasa 1870
Zorrotzaurre (Ríocht na hIodáile)
Bás6 Bealtaine 1952
81 bliana d'aois
Noordwijk, An Ísiltír Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaNoordwijk Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Sapienza na Róimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilDochtúir le hEolaíocht
Gníomhaíocht
Réimse oibreOideolaíocht
Suíomh oibre An Róimh Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmdochtúir leighis, oideolaí, scríbhneoir aistí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Sapienza na Róimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinnHelma Trass
TeangachaAn Iodáilis agus an Fhraincis
Teaghlach
PáisteMario Montessori Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Lia agus oideolaí Iodálach ab ea Maria Tecla Artemisia Montessori (31 Lúnasa 18706 Bealtaine 1952). Aithnítear í as an modh múinteoireachta atá ainmnithe ina diaidh, mar atá oideolaíocht Montessori.

Rugadh Maria Montessori sa bhliain 1870 in Chiaravalle, cóngarach do Ancona san Iodáil. Den mheánaicme ab ea a tuismitheoirí. Cuntasóir ab ea a hathair. Riail ghéar a bhí i bhfeidhm sa teach agus í ag fás aníos cé go raibh gaol gairid idir ise agus a máthair, a ghéill dá neamhspleáchas. Sa bhliain 1875, thug a tuismitheoirí aghaidh ar an Róimh. Múinteoir an tslí bheatha a bhí ar intinn acu dá n-iníon.

Faoin mbliain 1884, bhí suim láidir á taispeáint ag Maria sa mhatamaitic agus sa chócaireacht, rud nár thaitin lena hathair. Ar scoil di rinne sí staidéar ar an mbitheolaíocht agus rinne sí suas a hintinn dul leis an míochaine. Sa bhliain 1890, thosaigh sí ag déanamh staidéir ar an eolaíocht nádúrtha ag an ollscoil. Bronnadh céim uirthi i 1892. I ndiaidh roinnt deacrachtaí a shárú d'éirigh léi ní hamháin áit a bhaint amach i scoil leighis (teoranta de ghnáth do na fir) ach scoláireacht chomh maith. Cuireadh sin le míshástacht a hathair, nár chuir aon tsuim i rud ar bith a rinne sí as sin amach. D'éirigh roinnt daoine i measc a muintire agus san ollscoil araon naimhdeach ina leith.

Sa bhliain 1896, in aois a 26 bliana, d'éirigh le Maria Montessori a dintiúirí mar dhochtúir leighis a bhaint amach. Bhí sí ar na chéad bhandochtúirí san Iodáil. D'oibrigh sí ar feadh dhá bhliain ina dhiaidh sin i gclinic síciatrach na holscoile agus i gclinicí sa Róimh. Rinne sí staidéar ansin ar iompar páistí "mallintinneacha".

Sa bhliain 1900, shocraigh Montessori ar dul leis an múinteoireacht.

An chéad scoil Montessori, sa Háig, 1915



Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]