Mel Maryns
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (pt-br) Melissa Marins de Queiroz Ferreira 11 Aibreán 2003 21 bliana d'aois Rio de Janeiro, An Bhrasaíl |
Faisnéis phearsanta | |
Áit chónaithe | Corcaigh |
Teanga dhúchais | Portaingéilis na Brasaíle |
Airde | 168 cm |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí is scríbhneoir, amhránaí, cumadóir |
Tréimhse oibre | 2017 – |
Seánra | Popcheol |
Teangacha | Béarla |
Uirlis | Uirlis mhéarchláir agus giotár |
Teaghlach | |
Athair | Rafael Ferreira agus Amanda Ferreira |
Suíomh gréasáin | melmaryns.com |
Ceoltóir agus amhránaí Brasaíleach ina cónaí in Éirinn is ea Melissa Marins de Queiroz Ferreira (rugadh 11 Aibreáin 2003). Rugadh Melissa i Rio De Janeiro. Is as an Bhrasaíl a máthair agus as an Phortaingéil a hathair. Téann sí faoin ainm “Mel Maryns”. Thosaigh sí ag canadh agus ag scriobh amhrán sa bhliain 2017 nuair a scaoil sí a céad amhrán “Fala Serio”. I measc a cuid tionchar is mó tá GNR, Skid Row. Tá aithne uirthi as a stíl uathúil atá difriúil le popcheol an lá inniu. Is iad na hamhráin is mó a bhfuil tóir orthu ná “Get Away” agus “Burning Flames” agus tá níos mó ná 25,000 “hits” ar spotify aici. Tá roinnt mhaith amhrán dá cuid féin aici ar Spotify agus YouTube freisin.
Luathshaol agus Teaghlach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a bhí Melissa óg, thug daoine an t-ainm “Mel” uirthi agus seo é an t-ainm a úsáideann sí ar an stáitse fós. Ba é a grá don cheol a d’aistrigh í féin agus a clann go hÉirinn sa bhliain 2018. Thosaigh Mel ag canadh lena hathair nuair a bhí sí óg, agus d’fhoghlaim sí an pianó ag baint úsáide as Youtube.
Éachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ainmníodh singil Mel “Burning Flames” mar iomaitheoir leathcheannais ar cheann de na comórtais scríbhneoireachta amhráin is mó sna Stáit Aontaithe leis na ceoltóirí Dua Lipa agus Coldplay mar mholtóirí. Is amhránaí fíoraithe í ar YouTube agus tá a ceol le cloisteáil i 26 tír ar fud an domhain.
Gairm Cheoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a bhí sí 13, scríobh sí agus d’eisigh sí a céad amhrán “Fala Serio”.
2018. Buscail, Tar éis bogadh go hÉirinn thosaigh Mel ag seinnt ar shráideanna Corcaí agus ar shráid Ghrafton i mBaile Átha Cliath, an áit ar tugadh cuireadh di canadh ar an gcainéal YouTube “Dublin City today”.
Sa bhliain 2020, scaoil Mel a céad amhrán i mBéarla, “Someone To Hold” agus “Burning Flames”.
Sa bhliain 2021, scaoil Mel amhráin nua “Get Away”, “Ghost Town”, “Butter Wings”, “Julie”, “Bluff” agus “Gravity”. Scaoil Mel an EP “One Upon A Time” sa bhliain seo freisin.
Bhí amhrán nua aici sa bhliain 2022 darb ainm “Countdown”.
Amhráin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fala Serio * Released: 03 September 2017
Someone to Hold * Released: 14 November 2020
Burning Flames * Released: 14 December 2020
Get Away * Released: 14 January 2021
Ghost in Town * Released: 28 February 2021
Butter Wings * Released: 09 April 2021
Once Upon a Time * Released: 29 June 2021
Julie * Released: 27 August 2021
Bluff * Released: 11 November 2021
Gravity * Released: 23 December 2021