Ngũgĩ wa Thiong'o
(2019) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 5 Eanáir 1938 86 bliana d'aois Kamirithu |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Leeds Ollscoil Makerere Ardscoil Alliance |
Teanga dhúchais | an Chiocúis |
Gníomhaíocht | |
Gairm | drámadóir, múinteoir ollscoile, fealsamh, scríbhneoir aistí, úrscéalaí, scríbhneoir |
Fostóir | Ollscoil California, Irvine (2002–) Ollscoil Nua-Eabhrac (1992–2002) Ollscoil Yale, visiting scholar (en) (1989–1992) Ollscoil Nairobi (1967–1977) Ollscoil Northwestern Ollscoil Nua-Eabhrac |
Ball de | |
Teangacha | Béarla agus an Chiocúis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Páiste | Mũkoma wa Ngũgĩ, Wanjiku wa Ngũgĩ |
Croineolaíocht | |
príosúnach coinsiasa | |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | ngugiwathiongo.com |
Is scríbhneoir, drámadóir, file, léachtóir agus gníomhaí teangacha as an gCéinia é Ngũgĩ wa Thiong'o a bhíodh ag obair i mBéarla ach anois bíonn sé ag scríobh sa Chiocúis. Áirítear i measc a chuid oibre saothar úrscéalta, drámaí, gearrscéalta, agus aistí, ó chritic liteartha agus shóisialta go litríocht na bpáistí. Bhí sé ina bhunaitheoir agus eagarthóir ar an iris Chiocúis Mũtĩiri. I measc na leabhar atá scríofa aige tá Decolonising the Mind, leabhar a phléann leis an mbealach ar éirigh sé as scríobh i mBéarla agus polaitíocht teangacha san Afraic trí chéile.
Sa bhliain 1977, thug Ngũgĩ ar fhoirm nua téatair sa Chéinia a d'fhéach roimh an phróiseas amharclainne a shaoradh ón chóras oideachais meánaicmeach ginearálta, tríd spontáineacht agus rannpháirtíocht an lucht féachana sna léirithe a spreagadh..[1] D'fhéach tionscadal s'aige leis an phróiseas amharclainne a shoiléiriú, agus an "próiseas coimhthiú" a tháirgeann gailearaí de réaltaí gníomhacha agus mais neamhdhifreáilte de lucht leanúna faoi chomaoin mhór, a sheachaint. De réir Ngũgĩ spreag an córas seo éighníomhach san "ghnáth dhaoine". Cé go raibh ag éirí go maith leis an dráma 'Ngaahika Ndeenda' mar fhiontar tráchtála, chuir rialtas na Céinia stop leis sé seachtaine tar éis a oscailte.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Ngũgĩ wa Thiong'o, Decolonising the mind: the politics of language in African literature, 1994, pp. 57–9.