Pat Nally
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 13 Márta 1857 |
Bás | Samhain 1891 34 bliana d'aois |
Siocair bháis | Galar |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iomaitheoir lúthchleasaíochta |
Spórt | lúthchleasaíocht |
Ball d’Ardchomhairle Bhráithreachas na Poblachta agus lúthchleasaí mór le rá ó Bhalla, Contae Mhaigh Eo ab ea Patrick (Pat) William Nally (mí an Mhárta 1857 – mí na Samhna 1891). Bhí dhlúthbhaint aige le Mícheál Ó Cíosóig agus iad i mbun bhunú Chumann Lúthchleas Gael thiar sa bhliain 1884. Bhásaigh sé faoi ghlas i bPríosún Mhuinseo mar phionós don pháirt a ghlac sé san eachtra ar a thabharfaí Comhcheilg Chrois Uí Mhaoilíona.
Duine ba shine de sheisear deartháir a bhí ann, mac le feirmeoir rathúil a bhí go mór chun cinn mar náisiúnaí. Bhí sé ina Fhínín óna chéad óige agus eagraí sa Bhráithreachas ag deireadh na 1870idí. Bhí sé i láthair ag bunchruinniú Chonradh na Talún Mhaigh Eo, ar a thabharfaí Conradh na Talún i gceann tamaill. Bhí áit bainte amach aige ar ardchomhairle BPÉ agus an bhliain 1880 ann.
Spórt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí a ainm i mbéal an phobail don chead uair nuair a thosaigh sé ag eagrú eachtraí lúthcheasaíochta ina raibh cead iontrála ag an bpobal ar fad, agus ní ag an Uaisleacht Phrotastúnach amháin. Rinne sé iarracht cumann lúthchleasaíochta náisiúnach a chur ar bhun sa bhliain 1887, rud a sé a i dteagmháil le Mhícheál Ó Cíosóig.
A oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá ceann de na seastáin i bPáirc an Chrócaigh - ceanncheathrú an chumainn - ainmnithe in ómós dó, mar ata Ardán Mhic an Fhailghe[1].
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |