(Translated by https://www.hiragana.jp/)
Radón - Vicipéid Jump to content

Radón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachRadón

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus gás
Radón sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachRn
Uimhir adamhach86
Cumraíocht leictreon1s² 2s² 2p⁶ 3s² 3p⁶ 3d¹⁰ 4s² 4p⁶ 4d¹⁰ 5s² 5p⁶ 4f¹⁴ 5d¹⁰ 6s² 6p⁶ agus [Xe] 4f¹⁴ 5d¹⁰ 6s² 6p⁶
Peiriad, Grúpapeiread 6
triathgháis
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht2.2
Stair
AimsitheoirFriedrich Ernst Dorn
Fionnachtain1899
Eapainmraidiam

Is é an radón dúil uimhir a 86 sa tábla peiriadach. Is í an tsiombail cheimiceach atá aige ná Rn. Is é an radón an ceann is troime de na triathgháis, agus mar a thugann an t-ainm le fios, is dúil radaighníomhach é. In áiteanna a bhfuil cuid mhór úráiniam san úir, is dual don radón carnadh in aer na siléar agus na struchtúr faoi thalamh, go háirithe mura bhfuil aeráil mhaith ann. Mar sin, dearctar ar an radón mar chontúirt don tsláinte, nó cuireann tiúchan ard an radóin san aer le dóchúlacht ailse na scamhóg.

Níl ach iseatóip radaighníomhacha ag an radón. Is é an t-iseatóp is cobhsaí atá aige ná 222Rn, atá 3.8 lá ar leathré. Baintear úsáid as an iseatóp seo sa radaiteiripe, is é sin, le cealla ailse a mharú le radaíocht. Gintear an t-iseatóp nuair a thagann alfa-mheath ar 226Ra, an t-iseatóp is coitianta de chuid an raidiam. Mar sin, má thumtar smután raidiam isteach in uisce, aithneofar bolgáin bheaga gháis ag teacht as. Sin é an tuige gur bhaist Friedrich Ernst Dorn, an chéad duine a chuir sonrú sa radón, "eisileadh raidiam" (Gearmáinis: Radiumemanation) ar an ngás.

Ba iad William Ramsay agus Robert Whytlaw-Gray ba thúisce a d'aonraigh an radón mar dhúil, sa bhliain 1908. Thug siad niotón ar an dúil - bunaithe ar an bhfocal Laidine nitens, a chiallaíonn "lonrach". Níl dath ná loinnir sa radón le teocht an tseomra, ach má shioctar go solad é, tiocfaidh loinnir bhuí nó fhlannbhuí ann.

Níl mórán taighde déanta ar cheimic an radóin, nó tá sé chomh radaighníomhach is go mbíonn eagla ar na ceimiceoirí dul in aon chóngar dó - tar éis an tsaoil, tá sé ar an dara cúis is mó le hailse na scamhóg i ndiaidh an tobac. Thairis sin, is léir nach bhfuil claonadh ann chun comhdhúile ceimiceacha a dhéanamh, ós triathghás é. Mar sin féin, d'éirigh leis na saineolaithe cúpla comhdhúil a chruthú. Ba í fluairíd an radóin (défhluairíd an radóin, nó RnF2) an chéad chomhdhúil a táirgeadh, rud a rinneadh sa bhliain 1962.