(Translated by https://www.hiragana.jp/)
Rogha (airgeadas) - Vicipéid Jump to content

Rogha (airgeadas)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bord Trádála Chicago sa bhliain 1993

Tugann rogha an ceart (nach oibleagáid é) ar shócmhainní airgeadais a cheannach nó a dhíol ar phraghas seasta taobh istigh de thréimhse shonraithe ama.[1]

Conradh rogha

Ceart ar mhéid sonraithe de shócmhainn shonraithe a cheannach nó a dhíol ar phraghas seasta ar nó roimh dháta áirithe.[2]

Geallaí rogha

An duine a dhíolann nó a thugann rogha mar mhalairt ar phréimh agus a bhfuil oibleagáid air gníomhú má fheidhmíonn sealbhóir na rogha a cheart faoin gconradh rogha.[3]

Rogha as an airgead

Rogha nach bhfuil maith ar bith ann as féin.[4]

Rogha ag an airgead

Rogha le praghas ceangail atá cothrom le margadhphraghas reatha na bunsócmhainne.[5]

Srathairː gnóthachain agus caillteanais

Srathair (straddle)

Rogha comhcheangail de dhíol agus ceannach leis an bpraghas feidhme agus an dáta éaga céanna.[6]

Sciúchaílː gnóthachain agus caillteanais

Rogha Mheiriceánach

Rogha is féidir a fheidhmiú am ar bith roimh éag an chonartha.[7]

Rogha Áiseach

Rogha ar phraghsanna airgeadra nó tráchtearraí a chúitíonn an difríocht idir praghas ceangail na rogha agus meánphraghas na bunrogha.[8]

Rogha Eorpach

Rogha nach féidir a fheidhmiú ach ar a dháta éaga amháin.[9]

Rogha intrádála

Conradh is féidir a dhíol ar aghaidh le daoine lasmuigh trí dhéantóirí margaidh ar phraghas a athraíonn de réir an choibhneasa atá idir bunphraghas an chonartha agus an ghluaiseacht i mbunphraghas na scaire thar an tréimhse.

Roghán

In ionad iad a dhíol ar an malartán, is amhlaidh a thairgeann institiúidí iad (cosúil le roghanna airgeadraí).

Rogha ar cheannachː gnóthachain agus caillteanais

Rogha ar cheannach

An ceart ar líon scaireanna sócmhainní a cheannach, ar phraghas luaite, taobh istigh d'am sonraithe.[10]

Rogha ar dhíolː gnóthachain agus caillteanais

Rogha ar dhíol

Ceart ar líon sonraithe sócmhainní a dhíol ar phraghas luaite ag nó roimh am sonraithe.[11]

Réamhrogha

Réamhchonradh malairte le dáta inathraithe in ionad dáta seasta aibíochta.[12]

Rogha ar thodhchaíochtaí

Tugann rogha ar thodhchaíochtaí nó conradh rogha ar thodhchaíochtaí an ceart don cheannaitheoir conradh todhchaíochtaí sonraithe a dhíol nó a cheannach ar phraghas feidhmithe ar leith trí éag chonartha (ar phraghas sonraithe roimh dháta éaga sonraithe).[13]

Cothromóid phraghsála rogha ar cheannach Black & Scholesː Foirmle do phraghas rogha ar cheannach[14]

Caidhp-rogha

Rogha caidhp rátá úis (de ghnáth) a cheannach nó a dhíol agus é de cheart ag (ach gan oibleagáid a bheith ar) an sealbhóir caidhp a cheannach nó a dhíol le ráta ceangail aontaithe ar (más den stíl Eorpach é) nó roimh (stíl Mheiriceánach) dáta tugtha i gcoinne préimh shonraithe.[15]

Rogha mheánráta

Rogha ar phraghsanna airgeadra nó tráchtearraí a chúitíonn an difríocht idir praghas ceangail na rogha agus meánphraghas na bunrogha.[16]

Rogha ar cheannach sladmhargaidh

Bíonn céadrogha ag an léasaí an tsócmhainn a cheannach ar phraghas níos ísle ná a luach margaidh cóir nuair a éagann an léas.[17]

Rogha ar airgeadra a dhíol

An ceart chun airgeadra áirithe a dhíol ar phraghas sonraithe laistigh de thréimhse ama sonraithe.[18]

Nóta rogha ar airgead innéacsaithe

Eisiúint ag ráta seasta a iompraíonn cúpón atá cuid mhaith níos airde ná mar is gnáth.[19]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ""rogha"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-09-24.
  2. ""conradh rogha"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-09-24.
  3. ""geallaí rogha"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-09-24.
  4. ""rogha as an airgead"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-09-24.
  5. ""rogha ag an airgead"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-09-24.
  6. ""srathair"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-09-24.
  7. ""rogha Mheiriceánach"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-09-24.
  8. ""rogha Áiseach"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-09-24.
  9. ""rogha Eorpach"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-09-24.
  10. ""rogha ar cheannach"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-09-24.
  11. ""rogha ar dhíol"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-09-24.
  12. ""réamhrogha"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-09-24.
  13. ""conradh rogha ar thodhchaíochtaí"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-08-07.
  14. ""cothromóid phraghsála rogha ar cheannach Black Scholes"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-09-24.
  15. ""caidhp-rogha"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-09-24.
  16. ""rogha mheánráta"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-09-24.
  17. ""rogha ar cheannach sladmhargaidh"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-09-24.
  18. ""rogha ar airgeadra a dhíol"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-09-24.
  19. ""nóta rogha ar airgead innéacsaithe"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-09-24.