Sergey Korolyov
Ceannródaí roicéad is innealtóir aeraspáis a rugadh i Zhitomir na hÚcráine ab ea Sergey Pavlovich Korolyov (12 Eanáir 1907 – 30 Nollaig 1966). D'fhorbair sé an chéad diúracán balaistíoch idir-ilchríochach Sóivéadach. Níos déanaí, bhí ina cheannaire ar an gclár spáis Sóivéadach.
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chaith Korolyov 6 bliana i ngéibhinn ag tosnú sa bhliain 1938 as bac a chur ar dul chun cinn chlár roicéad an Aontais Shóivéadaigh agus cúbláil a dhéanamh ar chiste na heagraíochta poiblí ina raibh sé ag obair. Ach déanta na fírinne, chaith sé an t-airgead ar thástáil roicéad gan aon rath.
Sa bhliain 1952 rinneadh ball den Pháirtí Cumannach de. Agus ar 19 Aibreán 1957 d'aithin an stát nach raibh aon bhunús riamh leis na coireanna a cuireadh ina leith le linn feachtas polaitiúil na 1930idí.
Dearthóir roicéad
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugadh a chlú ar ais dó sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda de réir mar a aithníodh a shárchumas mar dhearthóir roicéad. D'fhorbair sé an chéad diúracán balaistíoch idir-ilchríochach Sóivéadach.
Faoin na 1960idí ní raibh aon duine níos tábhachtaí ná é i gcóras aeraspáis na Sóivéadach agus iad i gcomórtas leis na Stát Aontaithe, "Rás an Spáis" mar a thugadh air. "An Príomhdhearthóir" a thugtaí ar Korolyov ar eagla go mbeadh a fhios ag rialtas Mheiriceá cérbh é agus go maróidís é.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Sergey Pavlovich Korolyov". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 387.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |