Teilifís dhaite
Tugadh teilifís dhaite isteach sna 1950idí, ach ba ghá don chóras a bheith comhoiriúnach leis an gcóras teilifíse monacrómataí chun gurbh fhéidir na híomhánna a léiriú ar na milliúin teilifíseán a bhí ag daoine. Sa cheamara daite, cosúil leis an gceamara fótagrafach daite, roinntear an íomhá a thagann tríd an lionsa i 3 íomhá, dearg, glas is gorm (na príomhdhathanna) le priosma léas-scoilte le scagairí dathanna is 3 bhraiteoir ar leith, nó le scagaire stríoca míne an 3 dhathanna is braiteoir amháin. Nuair a scantar an íomhá, faightear 3 chomhartha (mar mhalairt ar an gcomhartha amháin sa chóras monacrómatach), dearg, glas is gorm (RGB). Cuingrítear iad seo, 30% R, 59% G le 11% B, chun an comhartha lonrais Y a chruthú, arb ionann é is comhartha monacrómatach don íomhá. Códaítear an t-eolas ar na dathanna, an crómanas, in dhá chomhartha difríochta B-Y is R-Y, i ngaol pais a shuimítear leis an gcomhartha lonrais i modh ar leith a dtugtar modh ilchodach air, le tarchur. Saothraíodh códuithe difriúla i Meiriceá is an tSeapáin (córas NTSC) agus san Eoraip (córas PAL nó SECAM). Sna 1980idí saothraíodh an modh comhpháirte, ina gcoinnítear na comharthaí crómanais scartha ón gcomhartha lonrais, a gcomhbhrúitear iad in am ionas go dtógann siad le chéile an t-am céanna, agus a úsáideann an modh ilchodach. Tugann sé seo pictiúr feabhsaithe, agus úsáidtear go forleathan é i bhfísthaifeadáin is an teilifís ardghéire. Sa ghlacadóir, soláthraíonn scanadh faoi rialú an chomhartha lonrais íomhá mhonacrómatach ar scáileán monacrómatach. I nglacadóir daite, díchódaítear an comhartha lonrais is na comharthaí crómanais chun an 3 chomhartha dearg, glas is gorm a fháil chun an 3 leictreonghunna a rialú sa bhfeadán leis an scáthmhasc is na fo-spotaí dearga, glasa is gorma i ngach spota ar an scáileán a spreagadh le chéile agus dath feiceálach suimithe amháin a dhéanamh ar an spota sin i scanadh na híomhá. I dteilifíseán leata nua-aoiseach, ní feadán ga-chatóideach le leictreonghunnaí atá ann, ach leathán picteilíní le fo-phicteilín don dearg, don ghlas is don ghorm i ngach ceann, ar féidir gach fo-phicteilín a spreagadh go neamhspleách sa scanadh chun an íomhá a chruthú.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teilifís dhaite". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 653.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |