Zhou Enlai
Polaiteoir de chuid Dhaon-Phoblacht na Síne ab ea Zhou Enlai (Sínis shimplithe:
Taidhleoir ábalta a bhí in Zhou Enlai. Eisean an chéad aire eachtrach de chuid na Síne (1949–1958). Agus an Réabhlóid Chultúrtha ag druidim chun deiridh, chuidigh Zhou le caidreamh nua a chothú idir Daon-Phoblacht na Síne agus na Stáit Aontaithe.
Throid Zhou faoi choim in aghaidh Drong an Cheathrair sna 1970idí. D'éag sé 8 mí roimh bhás Mao. Cé gur tháinig Hua Guofeng, duine ní ba chlaonta i leith Dhrong an Cheathrair, i gcomharbas ar Mao, d'éirigh le dalta coimirce de chuid Zhou, Deng Xiaoping, an chumhacht a bhaint amach dó féin. Tugadh baill na dronga chun trialach, agus osclaíodh an tír suas don thíortha eile an domhain agus rinneadh an geilleagar a fhorbairt go suntasach.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Alt faoi Zhou Enlai le Jonathan Spence ar an New York Review of Books. Arna rochtain ar 3 Meith. 2016
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |