Substaint phléascach
Appearance
![](https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/bb/Hazard_E.svg/220px-Hazard_E.svg.png)
Is éard is substaint phléascach ann, ar a dtugtar pléascán freisin, ná substaint imoibríoch ag a bhfuil méid mór d'fhuinneamh poitéinsiúil agus gur féidir léi pléascadh a tháirgeadh má scaoiltear í go tobann, de ghnáth, i dteannta le solas , teas, fuaim, agus brú a tháirgeadh. Is eard is lánán pléascach ann ná méid tomhaiste d'ábhar pléascach.
Féadfar an fuinneamh poitéinsiúil seo atá stóráilte in ábhar pléascach a bheith ina
- fhuinneamh ceimiceach, mar shampla nítriglicrín nó deannach gráin,
- ghás brúchóirithe, mar shampla sorcóir gáis nó coimeádán aerasóil.
- fhuinneamh núicléach, mar shampla mar atá san iseatóip inscoilte úráiniam-235 agus plútóiniam-239