(Translated by https://www.hiragana.jp/)
Bitcoin - Vicipéid Jump to content

Bitcoin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí AirgeadBitcoin
Críocha infheidhme
an tSalvadóir (7 Meán Fómhair 2021 - )
Poblacht na hAfraice Láir (26 Aibreán 2022 - ) Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Carachtar Unicode
Giorrúchán nó siombail
Banc ceannaisluach ar iarraidh
Ráta malairte
27,192.69 dollair na Stát Aontaithe (31 Lúnasa 2023)
66,271.3 dollair na Stát Aontaithe (15 Meitheamh 2024) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht

3 Eanáir 2009- 

Tuilleadh eolais
Suíomh oifigiúilbitcoin.org Cuir in eagar ar Wikidata

Is criptea-airgeadra é bitcoin, agus córas íocaíochta ar líne (siombail: ₿ giorrúchán: BTC nó XBT).[1] As na mílte criptea-airgeadraí ar fad atá ann, is ar bitcoin is fearr aithne.

Taifeadtar íocaíochtaí i gclárleabhar poiblí ar a n-úsáidtear aonad cuntas ar a dtugtar bitcoin freisin. Uaireanta, úsáidtear ceannlitir don chóras (Bitcoin) agus cás beag don aonad cuntais (bitcoin).

Foilsíodh an coincheap faoin ainm Satoshi Nakamoto sa bhliain 2008[2] agus cuireadh ar siúl é mar bhogearraí foinse oscailte an bhliain ina dhiaidh sin.

Cuirtear na híocaíochtaí i gcrích idir comhghleacaithe gan stór lárnach ná stiúrthóir ar bith, rud a spreag Státchiste SAM chun "airgeadra fíorúil díláraithe" a thabhairt ar an bitcoin. Níl gach duine ar aon tuairim faoi stádas an bitcoin mar airgeadra. Is minic a thagraítear ar na meáin dó mar chriptea-airgeadra nó airgeadra digiteach.

Is féidir do bhille a íoc sa chaifé seo i nDelft, san Ísiltír, le bitcoin.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Seaghan Mac An tSionnaigh (2021-06-24). "'Casfar rotha Bitcoin in athuair'" (en-US). Dáta rochtana: 2023-03-15.
  2. Níl a fhios an fíorainm é Satoshi Nakamoto nó más duine amháin nó breis is duine amháin atá i gceist.