(Translated by https://www.hiragana.jp/)
Robert Mugabe - Vicipéid Jump to content

Robert Mugabe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRobert Mugabe

(2009) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(sn) Robert Gabriel Mugabe
(en) Robert Gabriel Mugabe Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Robert Gabriel Mugabe Cuir in eagar ar Wikidata
21 Feabhra 1924
Kutama (Impireacht na Breataine)
Bás6 Meán Fómhair 2019
95 bliana d'aois
Ospidéal Gleneagles (Singeapór)
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse)
Áit adhlacthaKutama Cuir in eagar ar Wikidata
Cathaoirleach Aontas na hAfraice
30 Eanáir 2015 – 30 Eanáir 2016
← Mohamed Ould Abdel AzizIdriss Déby →
Cathaoirleach Eagraíocht um Aontas na hAfraice
2 Meitheamh 1997 – 8 Meitheamh 1998
← Paul BiyaBlaise Compaoré →
2 Uachtarán na Siombáibe
31 Nollaig 1987 – 21 Samhain 2017
← Canaan BananaEmmerson Mnangagwa →
10 Ard-Rúnaí na Gluaiseachta Neamhailínithe
6 Meán Fómhair 1986 – 7 Meán Fómhair 1989
← Zail SinghJanez Drnovšek →
Príomh-Aire na Siombáibe
18 Aibreán 1980 – 31 Nollaig 1987
Defence Minister of Zimbabwe (en) Aistrigh
1980 – 1985 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síAchimota School (en) Aistrigh
Coláiste Kutama
Ollscoil na hAfraice Theas - oideachas, administration (en) Aistrigh
Ollscoil Oxford
Ollscoil Fort Hare - Baitsiléir Ealaíon (–1951)
University of London Worldwide (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Airde170 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaZANU–PF (1987–2017)
Zimbabwe African People's Union (en) Aistrigh (1961–1963)
Zimbabwe African National Union (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn tSeoinis agus Béarla
Gairm mhíleata
CoinbhleachtFirst Congo War (en) Aistrigh agus Second Congo War (en) Aistrigh
Teaghlach
Céile1996
1992
Sally Mugabe (1961–1992)
Grace Mugabe (1996–2019) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteBona Mugabe
 ( Grace Mugabe)
Michael Nhamodzenyika Mugabe
Chatunga Bellarmine Mugabe
 ( )
Robert Peter Mugabe Jr.
 ( ) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairGabriel Mugabe Matibiri  agus Amai Bona Mugabe
SiblínSabina Mugabe
Duine muintearthaPerence Shiri (col ceathar) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Ceann rialtais na Siombáibe ba ea Robert Gabriel Mugabe (21 Feabhra 1924 - 6 Meán Fómhair 2019), ó 1980 go dtí 2017. Bhí sé ina phríomh-aire ar dtús, agus ina uachtarán níos déanaí. Tharla coup d’état sa tSiombáib i mí na Samhna 2017, a chuir deireadh lena réimeas conspóideach Bhí an tír céasta ag calaois, caimiléireacht agus coireanna i gcoinne chearta an duine le linn a réimis.[1]

1979
2011

Rugadh Mugabe in Kutama, baile beag misin i dtuaisceart na Róidéise. D'éirigh go seoigh leis ar an mbunscoil ach níor chaith sé mórán ama leis na páistí eile. Mar gheall ar argóint idir athair Mugabe agus duine de na sagairt, chuir na hÍosánaigh an teaghlach amach ón misean agus chuir siad fúthu i sráidbhaile eile timpeall is 11 km slí ó Kutama. Bhí cead ag na páistí leanúint ar aghaidh sa bhunscoil agus iad ag fanacht le gaoil leo le linn na seachtaine.

Thréig athair Mugabe an teaghlach sa bhliain 1931. Chuaigh sé go dtí Bulawayo, áit a bhunaigh sé teaghlach eile.

Sa bhliain 1934 chuaigh sagart nua i gceannas ar an misean in Kutama, mar atá, an tAthair Jerome O'Hea,[2] as Clapham, de bhunús na hÉireann. Chuir O'Hea fáilte roimh an teaghlach agus tháinig máthair Mugabe agus a clainne ar ais chuig Kutama. Lean Mugabe lena scolaíocht agus chonaic O'Hea go raibh mianach na ceannasaíochta ann.[3] Thóg an sagart Mugabe óg faoina chúram agus d'éirigh an gasúr an-eolach ar stair na hÉireann agus an troid ar son na saoirse.

Sa bhliain 1941, thug sé faoi chlár oiliúint múinteoirí i gColáiste Kutama. Mar chuid den oiliúint chuaigh sé i mbun teagaisc ina shean-bhunscoil.

Cogadh na saoirse

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Mugabe i gceannas ar ghluaiseacht réabhlóideach, an ZANU, ó 1963–1987 agus ZANU–PF idir 1987–2017, a bhain neamhspleáchas ón mBreatain amach don tSiombáib sa bhliain 1979.[4] Ba ghaiscíoch é sa chogadh in aghaidh na Sasanach ar dtús, agus ina dhiaidh sin i gcoinne an chinsil ghil a ghabh ceannas faoi Ian Smith.[5]

Socraíodh neamhspleáchas na Siombáibe le Comhaontú Theach Lancaster i Londain in 1979. Bhí ceist an talaimh ina cnámh spairne idir na páirtithe. Mar chúiteamh ar an gcoilíneachas, d’aontaigh Rialtas na Breataine cabhrú le Rialtas nua na Siombáibe an talamh a cheannach ó na feirmeoirí geala ach iad a bheith sásta é a dhíol.[6] Ní raibh Mugabe sásta géilleadh go furasta nuair a bhí na cainteanna réitigh á ndéanamh don tsaoirse, agus ba mhór é a amhras riamh faoi chleasaíocht ghallúnshleamhain Rialtas na Breataine san idirghabháil sin.

Agóid in aghaidh Mugabe ag ambasáid na Siombáibe i Londain

Deachtóireacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna luathochtóidí, mharaigh rialtas Mugabe thart ar 30,000 duine i gcúige Matabeleland, ceantar an fhreasúra. Ba é an Cúigiú Briogáid in Arm na Siombáibe, a fuair traenáil ó theagascóirí míleata ón Chóiré Thuaidh, ba chiontach le ré an uafáis a rinneadh ar phobal Ndebele san áit sin.

Ní raibh an comhphobal idirnáisiúnta buartha faoi fhoréigean Mugabe ag an am. Is ar éigean a bhí focal faoin sléacht sna nuachtáin.[6]

Chuir cuid mhór anailíseoirí i leith Mugabe gurbh deachtóir ba ea é, ach bhí tacaíocht láidir aige ina thír fhéin agus san Afraic nuair a tháinig sé i gcumhacht. Dúirt easpaig Caitliceacha na tíre gurbh réimeas ciníoch, éillitheach agus aindleathach ba ea rialtas Mugabe.[7] Bhí siad ina dtost go dtí 2007, áfach.

Sa diallait dó, mhéadaigh Mugabe ráta litearthachta na tíre go os cionn 90%, agus é seo go gasta; agus dháil sé feirmeacha ar na bochta ar baineadh dá sinseanaithreacha iad le bullaíocht is le bíoblaí. Ba léir, áfach, go raibh intinn seo na cothromachta agus na córa ag athrú de réir a chéile.

D'éirigh Mugabe saibhir nuair a bhuaigh sé crannchur áitiúl ar an 28 Eanáir 2000.[8][9]

Cuireadh tús le hipearbhoilsciú sa bhliain 2007.[10] Bhí an ráta boilscithe is measa ar domhan ag an tSiombáib faoi a réim agus thit an geilleagar as a chéile.

Bhí an páirtí freasúra, an Movement for Democratic Change nó MDC á cur faoi chois go rialta ag póilíní an stáit. Fuair ceannaire an pháirtí siúd, Morgan Tsvangirai, buaileadh trom ó na póilíní ar an 11 Márta 2007.

Bhuaigh Tsvangirai toghchán na huachtaránachta ar 29 Márta 2008 ach ní raibh móramh sách mór aige le dul i gcomharbacht ar Mugabe de réir na dtorthaí (a thóg 5 seachtain le foilsiú). De réir na rialacha bhí gá le toghchán eile idir na beirte. Rinneadh ionsaí ar Tsvangirai agus a lucht leanúna ar an idirlíon agus d'fhógair sé ar 22 Meitheamh go raibh sé ag éirí as an toghcháin ar mhaithe le sábháilteacht a lucht leanúna. Ritheadh toghchán dá uireasa ar 27 Meitheamh 2008 agus atoghadh Mugabe mar uachtarán, ní nach ionadh.

Meath agus bás

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 15 Samhain 2017, chuir Arm na Siombáibe an phríomhchathair Harare faoina smacht agus cuireadh Mugabe faoi bhraighdeanas baile (91 bliain d'aois ag an am).[11]

Fuair Mugabe, ceannaire an pháirtí ar feadh 42 bliain, bás ar 6 Meán Fómhair 2019, in aois 95 dó. Fuair sé bás i Singeapór, thall ansin i gcomhair cóireáil leighis.

Tháinig Emmerson Mnangagwa i gcomharbacht air.[1] Nuair a ghlac Mnangagwa le mionn na hUachtaránachta chonacthas cor cinniúnach don tSiombáib.[12]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Alex Hijmans (26 Nollaig 2017). "NUACHT IDIRNÁISIÚNTA: Ní raibh sí ainnis ar fad ach bhí sí sách gránna: súil siar ar 2017" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-06.
  2. ordo.jesuitssouthern.africa. "Jerome O'Hea". Dáta rochtana: 2024.
  3. "Mugabe and the Irish priest" (en). Irish Independent (2008-06-24). Dáta rochtana: 2024-09-06.
  4. Nuacht RTÉ (2019-09-06). "Iar-Uachtarán na Siombáibe Robert Mugabe tar éis bháis" (as ga-IE). 
  5. Alan Titley (2017). "Páláis agus poimp" (ga-IE). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-09-06.
  6. 6.0 6.1 Maidhc Ó Cathail (2008). "Cad chuige a bhfuiltear ag cur i gcoinne Mugabe anois?" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-09-06.
  7. Chris McGreal (2007-04-02). "Corrupt, greedy and violent: Mugabe attacked by Catholic bishops after years of silence" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2024-09-06.
  8. "BBC News | AFRICA | Mugabe hits the jackpot". news.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2024-09-06.
  9. "Corruption in Zimbabwe" (as en) (2024-07-12). Wikipedia. 
  10. "Hyperinflation in Zimbabwe" (as en) (2024-08-26). Wikipedia. 
  11. "Robert Mugabe 'under house arrest'" (en-GB). BBC News.
  12. irishaid.ie / DFA (2017). "TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017". Dáta rochtana: 2024.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]