(Translated by https://www.hiragana.jp/)
Teicneolaíocht faisnéise - Vicipéid Jump to content

Teicneolaíocht faisnéise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lárionad Teicneolaíocht Faisnéise, An Omaígh

Is éard atá i gceist leis an teicneolaíocht faisnéise ná naisc chumarsáide ardluais agus teicneolaíocht na ríomhaireachta á n-úsáid in éineacht chun sonraí, fuaim agus físeáin a iompar.[1]

Seo an gnáth-théarma ar an raon teicneolaíochtaí chun eolas (sonraí, téacs, líníochtaí, taifid fuaime, físe is eile) a phróiseáil is a aistriú le ríomhairí, leictreonaic dhigiteach agus teileachumarsáid. Le forbairtí teicniúla sna 1970idí-1980idí, iomlánú ar ollscála, agus modhanna cumarsáide satailíte is optúla, tharla fás an-mhór maidir leis na heolaíochtaí seo is a bhfeidhmeanna trádálacha.[2]

Baineann an réimse gaolmhar, innealtóireacht faisnéise, le hanailísiú is dearadh na gcórais nua ríomhaire agus saothrú na mbogearraí tacaíochta.[2]

  1. ""teicneolaíocht faisnéise"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2024-07-19.
  2. 2.0 2.1 Hussey, Matt (2011). "Teicneolaíocht faisnéise". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 649.