(Translated by https://www.hiragana.jp/)
Bainne cíche - Vicipéid Jump to content

Bainne cíche

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bainne cíche

Táirge na faireoige mamaí i ndaoine is mamaigh eile. Athraíonn a chomhdhéanamh le linn an leachta, agus fiú le linn béile an naíonáin. Bíonn bainne daonna lán d'antashubstaintí táil (glóbailin imdhíonachta A) is fachtóirí frithmhiocróbacha. Bíonn an t-iarann ann i bhfoirm an-ionsúite. Fanann a chaighdeán mar an gcéanna den chuid is mó an t-am ar fad, fiú má bhíonn athruithe móra in aiste bia na máthar. Glactar leis go forleathan gur fearr go mór é mar aonchothú don naíonán sa chéad ráithe nó mar sin dá bheatha.