Shinzō Abe
Ba pholaiteoir Seapánach é Shinzō Abe (
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Polaiteoir fíorchaomhach a bhí ann a raibh col agus coimhthíos aige leis an tSín go háirithe.[2]
Ar 24 Márta 2020, d’fhógair Abe go raibh an Coiste Oilimpeach Idirnáisiúnta toilteanach Cluichí Oilimpeacha Thóiceo a chur ar an mhéar fhada go 2021.[3]
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug Abe cuairt oifigiúil ar Éirinn sa bhliain 2014, a chosnaigh €2,555.94.[4]
Feallmharú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Lámhachadh agus maraíodh Abe ar 8 Iúil 2022 agus é i mbun feachtasaíochta, ag tabhairt óráide ag slógadh polaitiúil, i gcathair Nara, in aice le Osaka. Cé go raibh lucht slándála ina fhochair, tháinig fear (Tetsuya Yamagami) aniar óna chúl, tharraing gunna as mála agus scaoil dhá philéar leis. Bhí sé 67 bliain d'aois.
Gabhadh an fear gunna, Tetsuya Yamagami, 41 bliain agus iarchomhalta d'Fhórsa Cosanta Muirí na Seapáine. Chaith sé an t-iar-Phríomh-Aire le gunna de dhéantús baile.[2]
Ar 12 Iúil, bhí na mílte ar shráideanna phríomhchathair na Seapáine, Tóiceo chun ómós a thabhairt do Shinzo Abe. D'iompair cóiste marbh corp Abe trí an phríomhchathair go dtí halla na sochraide, áit gur créamadh a chorp. Reáchtáladh sochraid phríobháideach ag Teampall Zojoji.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Japan's PM Shinzo Abe resigns, clearing way for successor" (Béarla). Mainichi Shimbun (16 Meán Fómhair 2020).
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2022-07-08). "Iar-Phríomh-Aire na Seapáine Shinzo Abe feallmharaithe" (as ga).
- ↑ "Os cionn 1,500 cás den choróinvíreas anois in Éirinn agus duine eile básaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-08.
- ↑ "€160,000 caite ar ghrianghrafanna ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha le 4 bliana" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-08.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-07-12). "Sochraid iar-Phríomh-Aire na Seapáine Shinzo Abe i Tóiceo" (as ga).
Warning: Default sort key "Abe, Shinzo" overrides earlier default sort key "Shinzo, Abe".