Yasunari Kawabata
Úrscéalaí agus gearrscéalaí Seapánach ab ea Yasunari Kawabata (Seapáinis:
![](https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/94/Yasunari_Kawabata_1951.jpg/150px-Yasunari_Kawabata_1951.jpg)
![](https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/05/Yasunari_Kawabata_c1932.jpg/150px-Yasunari_Kawabata_c1932.jpg)
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Meastar gurbh é Kawabata duine desna scríbhneoirí Seapánacha is tábhachtaí den 20ú haois. Ba iad an áille, an t-uaigneas agus an bás a phríomhthéamaí. Rinne sé cur síos liriciúil ar chúrsaí grá ag an am céanna.
Cé gur scríobh sé cuimse gearrscéalta, is dóigh gurb iad
雪国 /Yukiguni (1935-47; Gaeilge: 'Tír sneachta'),山 の音 /Yama no Oto (1949-54; Gaeilge: 'Foghar den tsléibhe')眠 れる美女 /Nemereru Bijo (1961; 'Tigh na n-Ainnireacha fé Shuan') agus美 しさと哀 しみと/Utsukushisa to kanashimi to (1964; Gaeilge: 'Áille agus Brón')
na sárshaothair is iomráití dá chuid.
![](https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/13/Yasunari_Kawabata_1968_cropped.jpg/155px-Yasunari_Kawabata_1968_cropped.jpg)
Bás agus tionchar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir Kawabata lámh ina bhás féin is cosúil ar 16 Aibreán 1972 (ionanálú gáis), in aois 72 dó.
Moladh Duais Nobel na Litríochta dó sa bhliain 1968, an chéad údar Seapánach a bhuaigh Duais Nobel na Litríochta. Sa Léacht Nobel uaidh, thug sé faoin bhfolús a mhíniú do lucht an Iarthair mar go raibh daoine á rá ag an am go raibh saothar Kawabata lán d’fholús.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Aonghus (2014-06-12). "Rogha Gabriel: Mantra an tSolais". Rogha Gabriel. Dáta rochtana: 2021-04-16.